Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Saturday, 28th March, 2026Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh. 37:21-28
Déanfaidh mé aon chine amháin astu.
‘Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin. Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht. Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n-íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan. Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir.
Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht. Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n-aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne.
Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách. Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo.
Beidh m’áit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Tuigfidh na ciníocha ansin gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn Iosrael nuair a bheidh mo shanctóir ina measc go brách.’”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Iar 31: 10-13 R/v 10
Freagra Cumhdóidh an Tiarna é mar a dhéanann aoire a thréad.
1. Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin:
‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’ Freagra
2. Óir d’fhuascail an Tiarna Iacób, thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.
Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna:
cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach. Freagra
3. Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir];
fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 11: 45-56 Glóir duit, a Thiarna.
Chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.
San am sin a lán do na Giúdaigh tháinig go Máire agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
Ach d’imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d’inis siad dóibh cad a rinne Íosa.
Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad:
“Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit [naofa] agus ár gcine.”
Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo:
“Ní fios daoibh rud ar bith, ná ní thuigtear daoibhgur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.”
Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d’imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d’fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart









