About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 24th March, 2024
Today's Readings
Readings in English

DOMNACH NA PÁISE nó NA PAILME

SOISCÉAL       

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas                11:1-10
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!

iJesus enters JerusalemNuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus  dúirt sé leo: Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é. Agus má deir aon duine libh: ‘Cad atá sibh a dhéanamh?’ abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leis. Ach cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.’ D’imigh siad leo agus fuair an searrach ceangailte ag doras, lasmuigh ar an tsráid agus scaoil siad é. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh ansiúd leo: “Cad ab áil libh ag scaoileadh an tsearraigh?” D’fhreagair siad faoi mar a dúirt Íosa leo, agus scaoil siad leo. Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air. Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt; agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí á leanuint, bhí na gártha acu á gcur suas:

“Hósana!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Dáiví!
Hósana sna harda!”

An Aifreann

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh            50:4-7
Níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla-bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

Jesus_with_crossThug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn.
Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam.
Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n-éiste mé ar nós an aos léinn.
An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;
níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

Briathar an Tiarna    Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 21
Freagra                               A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?

I. Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: cuireann siad cár orthu is croitheann a gceann.
‘Bhí a mhuinín as an Tiarna aige: saoradh séisean é; fuasclaíodh seisean é, más air atá a ghreann.’  Freagra

2. Tá mórán madraí i mo thimpeall: tá mé crioslaithe ag paca bithiúnach.
Tollann siad mo lámha is mo chosa: is féidir liom mo chnámha uile a chomhaireamh.                        Freagra

3. Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
Ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna. Is tú mo chúnamh: brostaigh agus cuidigh liom.                                 Freagra

4. Inseoidh mé d’ainm do mo bhráithre, molfaidh mé thú i lár na comhdhála:
molaigí an Tiarna, sibhse lerb eagal é; ceiliúraigí é, a shliocht Iácób go léir;
tugaigí urraim dó, a shíol lsráél go léir.                                                                                                             Freagra

DARA LÉACT           

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Filipigh      2: 6-11

An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil Íosa bheith ar chomhchéim le Dia,
Ach lom sé é féin.
ACross and resurrectiongus chuir áir riocht an sclábha
agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d’ísligh sé é féin
agus bhí umhal go bás – go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann agus go ndearbhódh gach teanga,
in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna.

Briathar an Tiarna                 Buíochas le Dia

Comhgháir Véarsa                     Fil 2:8-9
D’ísligh Críost é féin trí bheith umhal go bás,
fiú go bás na croise.
Sin e an fáth ar ardaigh Dia é os cionn cách
agus bhronn air ainm atá os cionn gach ainm.

PÁIS ÁR dTIARNA ÍOSA CRÍOST
de réir Marcas
14:1-15: 47

Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis; óir deiridís: “Ní ar an bhféile é, le heagla go
dtógfaí callán i measc an phobail.”

Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d’ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann. Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: “Cén fáth an diomailt ola seo? Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t-airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi. Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí. A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha. Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”

Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh. Nuair a d’airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.

Ar an gcéad lá d’fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?” Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.” D’imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d’ullmhaigh siad an cháisc.

Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag. Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.” Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: “An mise é?” Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta. Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B’fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”

Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.” Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d’ól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: “Is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”

Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg. Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus scaipfear na caoirigh.’ Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” Ach dúirt Peadar leis: “Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.” Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.

Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt sé lena dheisceabail: “Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.” Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain. Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m’anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.” Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar an talamh, agus ghuigh go ngabhfadh an uair thairis, dá mb’fhéidir é, agus dúirt sé: “Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.” Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh? Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” Agus d’imigh sé arís agus ghuigh sé ag rá na bhfocal céanna. Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air. Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t-am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.”

Sula raibh an focal as a bhéal, tháinig Iúdás, duine den dáréag agus slua lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart, agus ó na scríobhaithe, agus ó na seanóirí. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.” Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é. Leag siad siúd a lámha air agus ghabh siad é. Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil. Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith. Fear óg a bhí á leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh. Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht.

Sheol siad Íosa leo go dtí an t-ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd. Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach I gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine.

Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d’fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad. Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach. Agus d’éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá: “Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’” Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin. Agus d’éirigh an t-ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?” Ach d’fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t-ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?” Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.” Stróic an t-ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d’fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?” Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.

Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt, agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d’fhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.” Ach shéan sé é, á rá: “Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus d’imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach. Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.” Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.” Ach thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.” Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.

Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe – an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit. D’fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.” Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith. D’fhiafraigh Pioláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat á thabhairt? Féach a bhfuil acu á gcur i do leith!” Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phioláit.

Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor. Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc. Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách. D’fhreagair Pioláit iad á rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?” Óir bhí fhios aige gur formad faoi deara do uachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh. Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu. Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?” Scread siad arís: “Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!” Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.

Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.

Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón, Cuiréanach, athair Alastair agus Rufus, chuir siad d’fhiacha air a chros a iompar. Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgotá – a chiallaíonn Áit an Chloiginn. Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, á thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é. Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine. Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é. Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.” Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé. Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.” Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!

Saor thú féin! tar anuas ón gcros!” Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” a deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh. Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.

Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus ar an naoú huair d’éigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?” Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Feach, tá sé ag glaoch ar Éilias.” Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.” Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr. An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.” Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae. Bhídís seo á leanuint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go Iarúsailéim in éineacht leis.

Jesus in tombAgus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid) tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Pioláit agus d’iarr corp Íosa air. Bhí ionadh ar Phioláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céad agus d’fhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin. Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céad, cheadaigh sé an corp a thabhairt do Iósaef. Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chrois é agus d’fhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus d’iompaigh cloch mhór le béal an tuama. Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaef ag breathnú ar cár cuireadh é.

________________________________________________—

Páis Gearr

PÁIS ÁR dTIARNA ÍOSA CRÍOST de réir Marcas     15:1-39

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh  Paisean ár dTiarna.

Ba é ár n-ualach a d’iompaigh sé

Bhí sé brónach agus bhí sé gortaithe, ach níor oscail sé a bhéal. Cosúil le huan a thugtar ar an marú, agus mar chaorach sula ndéantar a mhuintir balbh, níor oscail sé a bhéal”. Don Chríostaí dílis, léiríonn an téacs seo de chuid Isaiah an méid a d’fhulaing Íosa, agus conas a fuair sé bás ar ár son. Dar le briathar Naomh Peadar, “gan é a bheith feicthe agat, tá tú tar éis teacht chun a chreidiúint ann, agus mar sin tá tú lán d’áthas chomh glórmhar nach féidir cur síos air.” Gan grá ó chroí le Críost, ní lucht leanúna fíor sinn. Ní féidir linn a rá go bhfuil grá againn go hiomlán dó, go dtí go mbeimid buíoch as an méid a d’fhulaing sé ar ár son.

Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus, Átha Cliath.
********************************************