Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Friday, 26th June, 2026Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar Ríthe 25: 1-12
Loisc Nabúzaradán Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall. Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t-aonú bliain déag de réimeas Zidicíá rí. Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal, rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d’éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí – mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair – agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá. Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas leis ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é. Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air. Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.
Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí – ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine – tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine. Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim. Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte. D’fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 136: 1-6. R/v 6
Freagra Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort
1. Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor,
ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.
Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna. Freagra2. Óir an drong a rinne bránna dínn, d’iarr siad amhráin orainn,
agus an drong a bhíodh dár gciapadh, d’iarr siad lúcháir orainn:
“Scaoiligí chugainn,” a deiridís, “amhrán d’amhráin Shíón.” Freagra3. Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch?
Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh! Freagra4. Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort,
mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m’aoibhnis uile. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha, 8: 1-4 Glóir duit, a Thiarna.
A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.
San am sin tháinig Íosa anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt:
“A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá:
“Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.
Dúirt Íosa leis ansin:
“Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d’ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagar









