About
Shop
Contact Us

Maximilian Kolbe: – laoch thar laochra

30 November, 1999

I gceartlár an uafáis a bhí á fhulaingt i gcámpa Auschwitz sheas fear amháin amach agus d’ofráil sé a bheatha féin a thabhairt ar son duine eile. Nuair a d’fhiafraigh ceannaire an chámpa de ‘cé thú féin?’, dúirt sé; ‘Is sagart caitliceach mé.’ An tAthair Maximilian Kolbe a b’ainm dó. Seán Ua Cearnaigh a scríobh.

I mí Dheireadh Fómhair, scór bliain ó shin, anmníodh an tAthair Maximilian Kolbe, Pólainneach, mar dhuine de naoimh na hEaglaise Caitlicí. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh leabhar faoin naomh nua. Maximilian of Auschwitz ba theideal don saothar seo, atá ar na foinsí eolais is fearr atá againn faoi cheann de mhórlaochra na Pólainne. An tAthair Desmond Forristal a scríobh an leabhar agus b’iad Ward River Press a d’fhoilsigh é. Tá an leabhar féin as cló anois agus b’fhiú go mór é a eisiúint arís.

Is beag eolas atá ag muintir na hÉireann i ndáiríre faoin sagart naofa seo. Is trua san, óir is mór an chosúlacht a bhí idir Naomh Maximilian Kolbe agus cuid mhaith de laochra creidimh na tíre seo.

Rugadh é ar an seachtú lá d’Eanair, 1894, i Zdunska Wola, sráidbhaile bheag i ndúiche Lodz. Ba é Réamonn a ainm baiste agus ba mhac é le Julius agus Marianne Kolbe, lánúin a bhí beo bocht ach a bhí dílis riamh dá dtír agus dá gcreideamh. Beirt dheartháir a bhí aige, Proinsias agus Seosamh.

Proinsiasach
Chuaigh Réamonn isteach san Ord Proinsiasach i 1910 agus chaith sé roinnt blianta ag gabháil do staidéar diaganta sa Róimh. In ardchathair úd na hEaglaise a oirníodh é i 1918. Ghlac sé an t-ainm Maximilian, agus is faoin ainm sin a aithnítear é inniu. Chuaigh a bheirt dheartháir (Proinsias agus Seosamh) isteach sa Ord freisin ach ní fada a d’fhan Proinsias ann. Lean an deartháir eile ar aghaidh áfach agus oirníodh é faoin ainm Alfonse ar ball.

Thug Muintir Kolbe gean agus grá riamh do chultúr agus do chúis an Pólainne. D’éag Julius, athair Maximilian, ar son na saoirse i gcámpa géibhinn i 1914. Fiche naoi bliana ina dhiaidh sin, d’éag Proinsias i gcampa géibhinn de chuid na Naitsithe. Idir an da linn d’éag na deartháireacha eile go tragóideach. Fuair Seosamh, an tAthair Alfonse, bás i 1930 agus gan ach 34 bliana slánaithe aige, agus maraíodh Maximilian, mar is eol dúinn, in ifreann Auschwitz i 1941. D’éag an mháthair, Marianne, i 1946.

Sa Phólainn agus sa tSeapáin
Chaith Maximilian a shaol i mainstreacha éagsúla sa Phólainn agus sa tSeapáin, mar ar rinne sé sár-obair ar son an chreidimh. Bhunaigh sé eagras nua, Saighdiúirí Mhuire gan Smál, d’fhonn briathar Dé a chraobhscaoileadh. Bhunaigh sé iris, “Ridire Mhuire gan Smál”, a raibh an-ráchairt air i rith na mblianta. I 1938 amháin bhí suas le milliún cóip de gach eagrán á ndíol. I Niepokalanov dó i 1935 chuir sé tús le páipéar laethúil, “Maly Dziennik”, i. “An Páipéar Beag Laethúil”, ar éirigh go rí-mhaith leis.

I 1951 d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill “Ridire Mhuire gan Smál”, leabhar álainn a scríobh Colmán Ó hUallacháin, OFM, beannacht Dé lena anam uasal, faoi shaol, saothar agus íobairt Mhaximilian Kolbe.

An Cogadh
Bhí Maximilian i mbun a chuid oibre i Mainistir Niepokalanov nuair a bhris an Cogadh amach. Ghabh na Gearmánaigh é ar 19 Meán Fómhair 1939.  Chaith sé cúpla mí i ndá champa géibhinn, Amtilz agus Ostrezeszow, sular tugadh cead a chinn dó ar an ochtú lá Nollag, 1939. Gabadh é arís, áfach, ar an seachtú lá déag d’Fheabhra, 1941. Seoladh é chuig Príosún Warsaw. Ar an fiche hochtú lá de Bhealtaine, haistríodh é go hAuschwitz. B’uafásach an íde a tugadh dó in Auschwitz. Níor tugadh le n-ithe dó ach arán tur agus anraith cabáiste. Rinneadh é a chéasadh agus a chrá de ló agus d’oíche, ach d’fhulaing sé chuile chinéal cruatain go cróga Críostúil. Bhí sé croíúil gealgháireach i gcónaí agus ba mhinic é ag tógáil cian dá chomrádaithe bochta.

Tarraingt ar dheireadh mhí Iúil 1941, d’éalaigh duine de na príosúnaigh. Mar éiric air sin, chinn lucht stiúrtha an champa go gcuirfí deichniúr chun báis. Roghnaíodh an deicniúr mí-ámharach. Ina measc bhí Franciszek Gajowniczek, fear pósta a raibh clann óg aige. Is ag an bpointe sin a rinne Maximilian Kolbe a chinneadh uasal. Ghlac sé áit Franciszek Gajowniczek, go bhfuair sé bás ina ionad.

Bloc an Bháis
Seoladh an tAthair Maximilian agus an naonúr eile chuig bloc an bháis, áit ar fágadh iad gan bia. B’é rún na n-údarás ligean dóibh bás a fháil den ocras. Nuair a fuarthas amach go raibh Maximilian agus ceathrar eile fós beo i ndiaidh dhá sheachtain, tugadh instealladh nimhe dóibh go bhfuair siad bás. I measc na ndaoine a bhí i láthair nuair a d’éag Maximilan Kolbe bhí Bruno Borgowiec, príosúnach Pólainneach ar cuireadh iallach iar feidhmiú mar rúnaí agus mar aistritheoir sa champa. Scríobh Borgowiec: “D’éag na príosúnaigh, ina dhuine agus ina dhuine. Teacht na tríú seachtaine, níor fhan beo ach cúigear, an tAthair Kolbe ina measc. Mheas na húdaráis go raibh an gnó ag dul ar aghaidh ró-fhada. Theastaigh an cillín uathú i gcóir íobartach eile.”

“Mar sin, lá amháin, an 14ú lá de Lúnasa, 1941, chuir said fios ar stiúrthóir na hotharlainne, coirpeach Gearmánach dárbh ainm dó Bock, gur thug sé instealladh d’aigéad nimhiúil dóibh uile. Thairg an tAthair Kolbe a ghéag don mbásaire, é ag gabháil do phaidreacha ag an am gcéanna. Níorbh fhéidir liom an méid dá bhfaca mé a sheasamh níos mó. Lig mé orm go raibh gnó agam san oifig agus d’imigh liom.”

Trath a raibh na gardaí agus an básaire bailithe leo d’fhill mé ar an gcillín. Chonaic mé an tAthair Kolbe ina shuí, a dhroim le balla, a shúile ar oscailt agus a cheann caonta ar chlé, mar ba ghnách leis. Bhí cuma sámh, sciamhach soilseach ar a ghnúis.”

Sa Róimh i mí Dheireadh Fómhair 1982, agus Pápa de chuid a thíre féin i gceannas, cuireadh Maximilian Kolbe ar liosta na Naomh. Orthu siúd a bhí i láthair bhí Franciszek Gajowniczek ar thug Naomh Maximilian a anam ar a shon breis agus daichead bliain roimhe sin.


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh, 2002.


For an alternative account in English see http://www.nd.edu/~ndvi/pages/inspiration/models/022.html

 

Tags: