About
Shop
Contact Us

Domhnach na Measarachta 3 Feabhra 2008

30 November, 1999

Seo dhíbh roinnt cúnamh do cheiliúradh liotúirge an Aifrinn don 3ú Domnach na Bliana.

Réamhrá
In irisí agus nuachtáin airithe, ó am go ham, bíonn liostaí le seiceáil féachaint an bhfuilimid níos fearr nó níos measa ná daoine eile i gnéithe éagsúla dár saol nó an bhfuilimid ar chómh-chaighdeán leo. Nuair a scríobh Matha síos na Biáide a thug Críost dúinn an lá úd ar a sliabh, níor rith sé leis boscaí beaga le haghaidh x-anna agus o-anna  a chur isteach . Má bhíonn sé de dhánaíocht ionam sin a dhéanam le mo bhoscaí  féin chun caighdeán mo chuid
Chríostaíochta a aimsiú, tá súil le Dia agam…  well, ar a laghad, go mbeidh mé cneasta liom fein.

Smaoineamh
Más mian leat post ar phá a fháil nó ionad ar fhoireann peile a bhaint amach, ní mór duit cáilíochtaí áirithe a bheith agat.. B’fhéidir go scrúdófaidh bord tofa na cáiliochtaí sin chun a bhfeabhas a mheas. Beidh suim acu sna scileanna atá agat, sa dearcadh atá agat, sa mhana atá agat faoi dhualgaisí an phoist agus mar sin de. Uaireannta, tiocfaidh liosta de na bun-riachtanaisí seo chugat leis an bhfoirm iarratais; uaireannta eile, ní mór duit dul sa tóir orthu, tú féin, pé ar bith áit ina bhfaighidh tú iad.

Mar an gcéanna  leis an gCríostaí atá iarraidh ionad a fháil i Riocht Dé; beidh cáilíochtaí ar leith á n-éileamh air nó uirthi, cáilíochtai do-éalaithe. Cá bfaigheadh duine eolas ar na cáilóchtaí sin? Tugann Matha an liosta dúinn i Soiscéal an lae inniu. Na Biáide a tugtar ortu, An duine atá bocht o spiorad, atá ceansa, atá glan ó chroí, a fhulaingíonn géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, a bfuil dlúth-bhaint aige le lucht an dobhróin, le lucht
déanta na síochána, le lucht na trócaire,  tá daoine mar sin lán-cháilithe chun Ríocht Dé a bhaint amach.

Ach féach, an chuid is mó de mhuinntir an domhain, iad siúd  atá an-smartáil, de réir chaighdeáin an domhain, nach beag an meas atá achu ar rogha Chríost sna Biáide? Tá freagra orthu sin ag Pól sa sliocht a léadh anseo ar na mallaibh.  “Thogh Dia níthe uirísle, suaracha, an tsaoil ionnas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. ”  Fainic, a phobail Dé, cé aige a beidh an gáire deireannach!

Guí an Phobail

Ceannasaí
Tá treoir agus teagasc againn sna Biáide conas is féidir linne, mar lucht leanúna Íosa, an beart chun leasa an chine daonna a chur ar aghaidh. Maímid, mise agus tusa, gur den dream sin sinne. Guímis, le cabhair Dé, nach dteipfimid ar ár ndualgas.

Fógróir

  1. Go ndéanaimis beart de réir Briathair Dé i ngach smaoineamh, i ngach focal agus i ngach gníomh. A Thiarna, éist linn .
  2. Guímis go mbeidh beannacht Dé ar ár bPápa, Benedict, at ár n-easpag, N., agus ar ár sagairt. Go raibh an neart, an t-eolas agus an grásta acu ó Dhia iad siúd atá faoin a gcúram a threorú mar is is cóir agus ceart. A Thiarna, éist linn .
  3. Guímis ar son daoine atá faoi ghéarleanúint ar son a gcreidimh. Go dtuga Dia neart agus cabhair doibh. Go ngríosaí Sé sinne teacht i gcabhair orthu pé slí is féidir linn. Ba náireach an mhaise dúinn é iad a ligint i ndearmad mar is ionann sin agus ár dtacaíocht a thabhairt do na géarleaúnithe. A Thiarna, éist linn .
  4. Go ndéana Dia trócaire orthu siúd a fuair bás ar na mallaibh sa pharóiste seo. A Thiarna, éist linn .
  5. Guímis i gciúnas ár gcróithe orainn féin agus cuirimis ár n-achainí i lámha Dé. A Thiarna, éist linn

Ceannasaí
Seo é ár nguí chugat, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen

An Phaidir
A Íosa, tá tú lán-pháirteach linn anseo agus sinn ag guí chun an Athar, de réir mar a mhúin tú sinn.

Machnamh tar éis an gComaoin

1. An tAlcól: Dúshlán na Measarthachta

Tá plaic crochta ar an mballa in a lán de na hionaid a chuireann cóir ar andúilithe,
agus scríofa air tá: ‘Is tusa amháin atá in ann é a dhéanamh ach ní féidir leat é
a dhéanamh i d’aonar’. Cuireann sé seo i gcuimhne dúinn go gcaithfidh muid glacadh
leis nach bhfuil ár neart tola uilechumhachtach agus cé ‘go bhfuil an Spiorad
toilteanach, tá an corp lag’ (Maitiú 26:41). Cuireann sé i gcuimhne dúinn freisin
go gcaithfidh muid cúnamh a iarraidh ar Dhia agus ar a chéile má tá muid ag
iarraidh alcól agus na bronntannaisí eile a fuaireamar ó Dhia a úsáid go measartha.
Freisin, tá sé ag cur i gcuimhne dúinn go bhféadfadh sé gur ‘muide’ an crann taca
a theastaíonn ó dhaoine agus iad ar thóir tacaíocht ón AA nó ó ionaid leighis nó
ó chomhairleoir. B’fhéidir nach mbeadh an t-am, an fhuinneamh ná an scil againn
chun cabhrú leo ach b’fhéidir go mbeadh sé ar ár gcumas iad a threorú i dtreo an
chúnaimh a theastaíonn uathu.

(Tréadlitir ó Chomhdháil na nEaspag Éireannach)

2. A Íosa a Aonmhic an Athar

A Íosa a Aon-Mhic an Athar ‘s a Uain,
Thug fíorfhuil do chroí ghil dár gceannach go crua,
Bí’m dhíonsa, bí’m choimhdeacht, bí’m aice gach uair,
Más luí dom, más suí dom, más seasamh, más suan.

Ó ísligh mo dhíoltas is m’fhearg is m’fhuath,
Is díbir na smaointe mallaithe uaim;
Lig braon beag ded’ Naoimh Spiorad beannaithe ‘nuas,
A scaoilfeas an croí seo’tá ‘na charraig le cruas.

Tabhair tionscnamh dom ghníomhartha i d’ainm go buan,
Is críochnaigh le fíorcheart de ghnáth mo uaill,
Go bhfaighinnse teacht saor ó gach cealg is cluain,
A Rí Mhic, ‘s go bhfaighinnse bheith ag amharc ort suas.

(Cathal Buí Mac Giolla Ghunna)

Focal Scoir
Is é crann do chroise crann ár mbeatha, a Íosa .

CATECHETICS COMMISSION OF THE IRISH BISHOPS’ CONFERENCE

Tags: