About
Shop
Contact Us

Cúrsaí Teaghlaigh in Éirinn ar Bhruach ar Fichiú hAonú haois

30 November, 1999

Rinne Finola Uí Chinnéide staidear cuimsitheach ar an dteaghlach in Éirinn don leabhar Cottage to Creche; Family Change in Ireland.(2001) Anseo tugann sí blaiseadh de torthaí an staidéir sin.

Le linn an chéad leath den fichiú haois ba é dealramh an teaghlaigh in Éirinn ná comhluadar i gcomhshaol tuaithe mar ar phós daoine, idir fhir agus mhná, mall go leor in aois agus mar a raibh leanaí go flúirseach laistigh den phósadh. Mhair na póstaí go buan go bhfuair an fear nó an bhean bás.

Ó na 1960aidí ar aghaidh, agus go háirithe tar éis d’Éirinn ceangal leis an CEE i 1973,tháinig athruithe suntasacha ar mhúnlaí an phósta agus an teaghlaigh. Bhí breis rathúnais sna 1960aidí, agus deiseanna níos fearr chun jabanna a fháil: thit an ghnáthaois phósta, ach freisin, thit an meánlíon leanaí a rugadh i ngach líon tí. Tharla, i dteannta leis an titim seo sa torthúlacht, méadú i líon na mban a d’fhan i bpoist fhostaíochta tar éis a bpósta.

Ó lár na 1970aidí i leith tháinig athrú suntasach eile ar na múnlaí pósta, is é sin méadú leanúnach ar líon na leanaí a bheirtear lasmuigh den phósadh. Sa bhliain 2001,is do mháthair neamhphósta a rugadh leanbh amháin as gach triúr. Ó 1979, nuair a cheadaigh an dlí modhanna frithghiniúna, thit na breitheanna laistigh den phósadh go géar. Le blianta beaga is cosúil go bhfuil méadú arís ar líon na mbreitheanna go foriomlán. Baineann cuid de mhéadú seo le breitheanna ag mná inimirceacha.

Teip ar níos mó póstaí
Gné eile a bhaineann le saol an teaghlaigh is ea go bhfuil ag teip ar níos mó póstaí. Ó Reifreann an Cholscartha i 1995, tá méadú daingean i líon na ndaoine colscartha. Agus a bhfuil de dhaoine mór le rá sa saol phoiblí atá scartha nó colscartha, is mó is réidh atá an pobal chun glacadh leis na réaltachtaí nua seo maidir le cúrsaí an teaghlaigh in Éirinn.

Gné dhearfach a bhaineann le hathruithe teaghlaigh is ea an bhaint níos dlúithe atá ag na haithreacha anois le tógáil a gclainne. Eascraíonn sé seo, roinnt, as athruithe i gcúrsaí teaghlaigh go ginearálta. De bhrí, go minic, nach é an t-athair anois an t-aon duine sa chlann atá ag saothrú airgid, nó fiú ag saothrú an chuid is mó den ioncam, is mó a roinntear cúram na leanaí idir an athair agus an mháthair. Le briseadh teaghlaigh, is é an t-athair an príomhfheighlí i gcásanna áirithe. Tá cuid mhaith fear ag dul i dtaithí ar an sonas a bhaineann le hatharthacht.

Tá méid na ndaoine a bhfuil sinsearthacht aoise acu ag dul i líonmhaireacht, agus méadófar ar an líon seo gan rómhoill amach anseo. Breis mhaith agus an cheathrú cuid de na daoine atá os cionn 65 bliana d’aois, cónaíonn siad ina n-aonar. I gcás na mban, is trian daoibh atá ina n-aonaránaigh.

Ní féidir filleadh
An scéal faoi mar atá sé anois, is mór idir é agus an cineál ‘teaghlaigh’ a samhlaíodh i mBunreacht 1937. An tráth sin, b’é an bonn docht a bhí faoin teaghlach an pósadh buan ar feadh saoil; agus measadh gur laistigh den teaghlach ba dhual a hionad don bhean. Ach threascair an saol agus shéid an ghaoth mar smál. Ní féidir an clog a chur siar ná filleadh ar an ré sin ach oiread agus is féidir dul siar go dtí Gairdín Parrthais.

Caithfidh gach duine dínn a mheabhrú conas is féidir linn cur le saol an teaghlaigh, cuma cé chomh cúng nó chomh leathan agus a shainítear é sin. Is dócha go bhfuil gaol nó cara linn atá anonn in aois a chuirfeadh fáilte romhainn mar chuairteoir – nó níos fearr fós-roimh lámh chuidithe chun gnó beag éigin a dhéanamh, litir a chur sa phost dóibh, b’fhéidir, nó stampaí a cheannach. Agus de réir an ráta ar a bhfuiltear ag dúnadh oifigí an phoist, níor bheag an gnó sin féin ar uaire, nó amach anseo. Cá mhéad ama a chuirfimid ar fáil dár gclann agus do chlanna daoine eile?

B’fhéidir go mbeidh feighlí linbh a dhíth ar chara linn. Baineann costas le duine a fhostú le haghaidh an ghnó, agus níl sé furasta teacht ar fheighlí inmhuiníne ar uaire. B’fhéidir go bhfuil cara leat ag súil le leanbh, agus scaoll uirthi, in amhras faoina cumas déileáil leis mar scéal. Ag smaoineamh ar ghinmhilleadh, bhéidir, mar réiteach éasca.

An bhrí cheart a bhaineann lenár nguí ar son an teaghlaigh, is féidir í a chur i ngníomh le cupán tae agus cluas le héisteacht. Is í Muire an mhóreiseamláir dúinn, ise a d’imigh gan mhoill ar cuairt chun a colceathair torraí, Eilís; agus a thug faoi deara go raibh an fíon ag dul i ndísc; agus a bhí ar láimh i gcónaí le haghaidh Íosa.

An Dr Pádraig Ó hIrighle
Nuair a bhí mé ag déanamh taighde do mo leabhar ar na hathruithe teaghlaigh in Éirinn, labhair mé leis an Dr Pádraig Ó hIrighle, Iar-Uachtarán na hÉireann, a bhí freisin ina chéad Choimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Sóisialta. Is fiú éisteacht lena bhfuil le rá aige ar chúram leanaí, de bharr an chúlra agus na taithí faoi leith atá aige: mar thuismitheoir, mar gharathair, mar dhochtúir, mar chéile dochtúra, mar dhuine le neart taithí reachtaíochta in Éirinn agus thar lear. Deir sé:

… tá tráthanna ann nuair bhíonn fonn cainte ar pháistí; agus mura bhfuil tú ann, níl tú ann, agus ní bheidh an fonn orthu nuair a deir tú go bhfuil réidh chun éisteachta. Ní foláir duit bheith ar láimh dóibh nuair atá siad buartha go mór, agus ní mór duit éisteacht leo ansin—nó téann an t-ábhar i bhfolach ina bhfo-chomhfhiosacht. Teastaíonn uathu go mbeidh duine ar fáil dóibh in am trátha.

Tharlódh nach féidir don duine sin bheith ann i gcónaí. Is minic a thagann dualgais na fostaíochta agus cúrsaí gnóthaithe ioncaim salach ar na cúraimí a bhíonn ar fhir agus mhná maidir le tógáil páistí. Tig leo teacht salach freisin ar na héilimh a bhaineann le cúram a thabhairt do dhaoine aosta nó do bhaill eile den chlann a bhíonn ag brath orainn. Fadhb bhunúsach atá ag pobal na hÉireann sa fiche haonú haois ná conas riar ar éilimh na hoibre agus riachtanais an teaghlaigh.

I 2001 d’fhoilsigh an IPA Cottage to Creche; Family Change in Ireland,  staidear cuimsitheach ar an dTeaghlach scríofa ag an údar.

Tags: