About
Shop
Contact Us

Comhluadar Camphill – ag díriú ar an todhchaí

30 November, 1999

Is as an Fhionlainn do Katri atá ina cónaí lena fear céile Noel agus a dtriúr páiste i gcomhluadar ceannródaíoch Camphill (Greenacres) gar do Dhún Droma i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an comhluadar lonnaithe in dá theach atá gar dá cheile, agus saothraíonn siad glasraí orgánacha. Tá ceardlanna mósáice agus fíodóireachta idir lámha acu freisin. Oibríonn cuid den chomhluadar taobh amuigh de Camphill. Tá Katri ag obair le Camphill le deich mbliana anuas idir Bhaile Átha Cliath, Carraig na Siúire agus an Fhionlainn.

Is gluaiseacht idirnáisiúnta í Camphill atá ag obair le páistí, déagóirí agus daoine fásta le riachtanais speisialta. Bunaíodh Camphill ar fhealsúnacht agus teagasc praiticiúil Rudolf Steiner (1861-1925) agus Karl König (1902-1966), bunaitheoirí Camphill. Cónaíonn agus oibríonn níos mó ná cúig mhíle duine i mbreis agus céad comhluadar Camphill i dtrí thír fichead éagsúla. Is gluaiseacht cheannródaíoch sa réimse athnuachana sóisialta é Camphill. Cothaítear ann comhluadair ina bhfuil páistí, déagóirí agus daoine fásta de gach cineál cumais ina gcónaí le chéile, ag foghlaim agus ag comhoibriú, agus tugtar meas ar pháirt gach duine iontu.

Tá Camphill in Éirinn le caoga bliain anuas. Bunaíodh an chéad phobal ag Glencraig taobh amuigh de Bhéal Feirste in 1955. Sa Deisceart thosaigh Camphill ag Duffcarrig, gar do Bhaile na Cúirte (Courtown), ar chósta Loch Garman, in 1976. San iomlán, tá seacht bpobal déag de gach cineál agus méid in Éirinn anois.

Níos mó ná feighlíocht
Is modh maireachtála dom (arsa Katri) bheith mar chomhoibrí i gcomhluadar atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath. Tá áit agam ann chun cónaí le mo theaghlach, agus chomh maith chun bheith páirteach in obair fhiúntach agus mo shaol á roinnt agam le grúpa de dhaoine an-speisialta.

Is sampla maith é den roinnt sin na tráthanna béile atá sa chomhluadar againne. Trí huaire sa lá bailíonn an comhluadar le chéile chun béile a ghlacadh i dteannta a chéile. Ionas go dtarlóidh sé sin, tá dualgas le comhlíonadh ag gach aon duine, bíodh sé nó sí ag réiteach an bhéile, ag gléasadh an bhoird nó ag triall chun baile in am cuí.

Tá na gnéithe simplí seo faoi chomhair ár riachtanas féin agus riachtanais an chomhluadair, de réir chumas agus bhuanna gach duine. Tá dhá luach de chuid Camphill á léiriú: ár n-idirspleáchas (sinn ag brath ar a chéile) agus ár n-indibhidiúlacht. Bíonn nóiméid áirithe ann nuair nach mbraitheann tú aon difear idir chomhoibrí agus páiste nó duine le riachtanais speisialta. Is comhluadar sinn agus muid ag roinnt béile le chéile i gcuibhreann a chéile, agus ócáid lán de ghrásta atá ann.

An aidhm bhunúsach atá ag eagras Camphill ná cabhrú le gach aon duine na buanna atá istigh iontu a nochtadh. Tá buanna faoi leith ag gach duine agus trí roinnt na mbuanna sin cruthaítear comhluadar iomlán. Go minic, i gcás daoine le riachtanais speisialta, bíonn siad ag tnúth cur i gcrích thar a gcumas nó, ar an taobh eile, ag ceapadh gur beag is fiú a dtallann. An rud atá speisialta faoi Camphill ná nach mbreathnaítear ar na dúshláin seo mar theorainn ach mar bhacanna atá le sárú. Tá sé seo fíor faoi gach duine againn is cuma cén cumas atá ionainn.

Tugann an comhluadar deis dom mo bhuanna féin a aithint amhail sa scáthán. Uaireanta, ní maith liom an rud a fheicim ann (tá an rud ba mhaith liom agus an rud a fheicim difriúil go minic), ach tugann sé treoirlínte dom i gcónaí chun mo bhealach forbartha féin. Is dócha gurb é sin ceann de na fáthanna go mbainim tairbhe agus fiúntas fós as mo shaol in Camphill. Ní mise amháin atá ag tabhairt aire do dhaoine eile ach iad siúd ag tabhairt aire domsa. Mar a dúirt comhoibrí uair: ‘ Ní fheiceann leath den chomhluadar anseo ach an mhaitheas atá ionat. Agus tá an leath eile ag iarraidh maitheas a aithint ionat. Is iontach an bealach é sin chun maireachtáil’.

Ag tabhairt aire don saol mór
Tá aire don timpeallacht mar chuid lárnach de shaol chomhluadar Camphill. Toisc go roinnim mo shaol le daoine eile, ní gá dom teach nó carr dem chuid féin a bheith agam, agus sábhálann sé sin fuinneamh agus acmhainní eile. Tá mo leas nasctha le leas dhaoine eile agus leas an domhain máguaird.

Tá ceiliúradh fhéilte na bliana mar chuid den chúram sin. Tá nasc idir na féilte, an Cruthú, na dúile, agus imeacht an ama. Táimid ag ullmhú faoi láthair do Fhéile Mhichíl san Fhómhar. Cumhdaíonn an tArd-Aingeal Micheál fómhar na bliana. Réitímid altóir agus cuirimid uirthi torthaí an fhómhair ón ngairdín, agus tugaimid altú as na bronntanais sin. Tugann sé deis dúinn freisin breathnú ar ár bhfómhar inmheánach féin; tá a lán chun bheith buíoch as agus fós a lán fáis le teacht.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Camphill ag www.camphill.ie


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2007.

 

Tags: