About
Shop
Contact Us

Cearta agus cabhair

30 November, 1999

Is Uachtarán é Maurice Manning ar Choimisiún (na hÉireann) um Chearta an Duine. Tugann sé cuir síos dúinn ar thionscnamh úr idirnáisiúnta atá idir lámha ag an Choimisiún.

Is é ceann de na rudaí is suntasaí i gcúrsaí polaitíochta Éireann ár linne ná go bhfuil na páirtithe uile ar aon intinn faoi cheisteanna áirithe. Ina measc siúd tá ceist an chiníochais. Tá na páirtithe go léir tiomnaithe chun obair ina choinne sin, agus chonaiceamar ag an toghchán deireanach go bhfuil siad i ndáiríre faoi seo. Tús maith ar ndóigh, ach ní leor é. Ba chéim mhór í dá mbeadh gach páirtí sásta cuóta iarrthóirí de ‘Éireannacha Úra’ a roghnú sna toghcháin áitiúla an chéad uair eile. Ba dhóigh iontach praiticiúil é sin leis na hinimircigh a thabhairt isteach sa phróiseas polaitiúil; thabharfadh sé oiliúint dóibh agus chuirfeadh sé i mbéal an phobail agus os comhair na meán iad. Is mar chomhairleoirí áitiúla a thosaíonn formhór na dTeachtaí Dála.

Cabhair i leith forbartha
Tá an-chreidiúint tuillte ag an Rialtas, ag na páirtithe uile agus ag na polaiteoirí trí chéile as an tacaíocht a thugann siad don Fhorbairt Idirnáisiúnta. Tá caiteachas na hÉireann ag dul i méid an t-am ar fad, fiú nuair a bhíomar féin i lár meathlaithe (recession). Ach ní hé an deonú airgid amháin atá le moladh. Tá an Rialtas tar éis foireann den scoth a chur le chéile i gCúnamh Éireann, brainse de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, atá i mbun cúrsaí cabhrach idirnáisiúnta. Tá Cúnamh Éireann ar cheann de na grúpaí den chineál sin is fearr ar domhan, agus tá an clú sin orthu gach aon áit – ach amháin, b’fhéidir, in Éirinn! Is é an bua is mó atá ag Cúnamh Éireann go bhfuil an-fhócas acu, agus tá siad thar a bheith proifisiúnta. Feiceann siad go bhfuil caimiléireacht ar siúl in a lán tíortha sa Tríú Domhan agus easpa cumais. Nuair a theip ar thionscnaimh éagsúla thar lear, rinne siad dianscrúdú orthu le fáil amach cad ba chúis leis. Nuair a thagann aighneacht ar bith isteach le haghaidh caiteachais, déanann siad é a scagadh go mion agus déanann siad a ndícheall le cinntiú go mbaintear tairbhe as airgead na tíre seo chun leas an domhain atá i mbéal forbartha.

Cuireann Cúnamh Éireann an-bhéim ar ardchaighdeán rialachais. Tuigtear nach mbeidh fíorfhorbairt ann mura mbíonn struchtúir mhaithe agus cur chuige éifeachtach i bhfeidhm. Is cuid lárnach den fhíorfhorbairt sna tíortha a fhaigheann cabhair ó Éirinn cearta an duine. Is ionann cearta an duine agus an stroighin a choimeádann gach sochaí le chéile. Dá bhrí sin tá an Coimisiún um Chearta an Duine (IHRC) ag chomhoibriú le Cúnamh Éireann ar thionscnamh trialach le fáil amach an féidir leis cuidiú a thabhairt sa phróiseas seo.

Tús úr in Leosóta
Tá tús curtha againn ar an phróiseas in Leosóta (Lesotho), ceann de na tíortha is mó a bhfuil Éire ag cabhrú leo. Stát beag is ea Leosóta atá timpeallaithe ar gach taobh ag an Afraic Theas. In aimsir na cinedheighilte, bhí sé mar thearmann ag lucht an fhreasúra a bhí ag seasamh an fhóid ina coinne sin; ar an ábhar sin chuir Éire caidreamh ar bun leis an tír siar sna seachtóidí. Anois, agus ré na cinedheighilte thart, níl an tábhacht straitéiseach chéanna ag Leosóta; tá an beagán tionscail a bhí aige tite as a chéile, cuid mhaith, agus is beag acmhainn nádúrtha atá aige seachas an t-uisce a dhíolann sé leis an Afraic Theas. Tá sé i mbaol mar thír, agus bíonn sé ag brath go mór ar chabhair agus ar dhea-thoil ón tír seo. Tá an-mheas in Leosóta ar Ambasadóir na hÉireann, an tUasal Paddy Fay, agus tá tionchar mór aige ar saol polaitiúil na tíre sin.

Rinneadh cúpla iarracht cheana chun coimisiún um chearta an duine a bhunú in Leosóta ach theip orthu uile go dtí seo. Tharla sé seo ar a lán cúiseanna: bhí easpa tola ann i measc na bpolaiteoirí; ní raibh daoine le fáil a raibh na cáilíochtaí acu; bhí daoine cumhachtacha ann ar bhagairt leo a leithéid de rud. Tá mé i bhfad níos dóchasaí tar éis cuairt a thabhairt ar Leosóta le déanaí. Is cosúil gur chuireamar ina luí ar rialtas Leosóta, le cabhair ó Ambasadóir na hÉireann, go bhfuil géarghá le coimisiún náisiúnta um chearta an duine a bhunú. Ghlac siad go réidh le tairiscint ón Choimisiún Éireannach cabhrú leo. Tá súil againn go dtiocfaidh daoine ó Leosóta chun na tíre seo le hoiliúint a fháil agus go mbeidh Éireannaigh ag dul amach ansin le saineolas a roinnt leo. Níl ach líon beag coimisiúin um chearta duine san Afraic ar fad, agus ba mhór an chéim chun tosaigh í, agus sampla den scoth más féidir, Leosóta a chur leis an líon sin.

Tags: