About
Shop
Contact Us

Athmhuintearas i Rwanda na hAfraice

30 November, 1999

Thug an tAth. Pádraig Ó Croiligh cuairt ar Rwanda i bhFómhar 2000 chun freastáil ar tionól na nEaspag ar an athmhuintearas. Déanann sé cur síos anseo ar an méid a chonaic sé.

Do mo chéad thuras chun na hAfraice, taobh ó dheas de chrios na cruinne, cuireadh mé go Rwanda i lár na hAfraice, 7,000 troigh os cionn léibhéal na farraige. I ndiaidh breis agus tríocha bliain domh mar shagart i ndeoise sa Tuaisceart shíl mé go raibh mo sháith feicthe agam den uafás, agus go raibh tír s’againne ar bhealach a leasa faoi dheireadh.

Domhnach na Misean, 22ú Deireadh Fómhair (2000) tháinig mé amach as eitleán i Kigali, príomhchathair Rwanda, gan a fhios agam caidé a bhí romham. Bhí ár agus cinedhíothú ansin i samhradh na bliana 1994 ach ní raibh a fhios agam caidé mar a bhí rudaí anois.

Shuíomhanna an áir
Bhí aifreann comhcheiliúrtha againn an mhaidin sin le hEaspaig uile Rwanda agus an Nuncio, agus béile ina dhiaidh in oifigí na nEaspag. Tamall gairid ina dhiaidh sin tugadh amach muid a dh’amharc ar shuíomhanna an áir, dhá cheann go speisialta – Ntarama, ar maraíodh 5,000 ann, agus Nyamata, ar maraíodh 20,000 ann. Sa dá áit seo fágadh na háiteanna mar a bhí lá an áir, ach gur cóiríodh na corpáin gan feoil, blaoscanna leagtha amach go néata ar thábaí mhóra agus an chuid eile de chreatlaigh na ndaoine ar sheilfeanna taobh leo. Bhainfeadh sé an t-anáil díot, nó an spiorad féin. Bean a bhí sa tslua a théith isteach san eaglais, agus a d’éalaigh i measc na gcrann lá an áir, a thaispeáin an áit dúinn. Ochtar déag dá muintir istigh ansin marbh. Gasraí óga ag imirt peile lasmuigh de giota éadaigh ceangailte le sreang. Bhí siadsan an-óg nuair a tharla an t-ár.

An Príosún
Lá dár gcionn chuaigh muid isteach sa phríosún i Kigali le bualadh leis na príosúnaithe. Tá 125,000 príosúnach a gabhadh ó 1994 as siocair an áir. Má b’olc an smaoineamh é amharc ar láthair agus ar shuíomhanna an áir, ba mheasa arís dul ag amharc ar na daoine a rinne é. Sin mar a bhí mé ag smaoineamh. Tógadh isteach i halla mór muid, gan balla ach sreanganna ar thaobh amháin; thart ar mhíle príosúnaigh istigh ansin agus na cloigne bearrtha agus éadach bándearg orthu. Spás i lár do ghrúpa s’againne, beirt as Deisceart na hAfraice, beirt ón Gheármáin, mé féin as Éirinn, Ardeaspag as Burundi agus Easpag as Rwanda agus cupla sagart leis – B’fhearr liom a bheith i Rann na Feirste. Amach romham fríd na sreanganna thart ar mhíle eile brúite ar bharr a chéile ag amharc isteach. Seo an chéad chuairt den chineál seo a tharla, agus bhí siad bródúil as. Dromaí móra na hAfraice dá mbualadh, agus iad uilig ag bualadh bos. Fir.

Creideamh sa phríosún
Tháinig beirt chun tosaigh, duine ag labhairt ar son na bpríosúnach uilig, agus duine ag labhairt ar son na gCaitliceach. Sin an uair a thosaigh an t-iontas. Bhí siad ag caint fán chreideamh a bhí acu, fán dóchas a fuair siad as, fá spiorad an chomhoibrithe a bhí ina measc, fán dóigh a roinn siad bia ar a chéile nuair a fuair siad bia ó chuairteoirí. Fuair muid amach nach raibh leaba ag duine ar bith acu, gur chodail siad ar an talamh. Bhí a fhios againn go raibh 8,000 sa phríosún sin a rinneadh do 2,000. Ní raibh oiread agus díon os a gcionn ag cuid acu. Labhair siad ar an Iubhaile, agus gur ullmhaigh siad dó agus go ndearna siad ceiliúradh air. Luaigh siad an Bíobla, agus saol an urnaithe. Dúirt siad gur mhór an bronntanas dóibh é gur thainig muid agus gur mhaith leo bronntanas a thabhairt dúinn. Thug siad paidrín an duine dúinn, paidrín a rinne siad féin sa phríosún. Labhair siad ar Dhia a bheith i láthair leo.

Chuaigh muid trasna an clós go taobh na mban – míle ban brúite isteach, cuid acu ins na seachtóidí, máithreacha óga cuid acu agus páistí ar iompar ar a ndroim acu. Gach cloigeann bearrtha agus éadach bándearg orthu. Cuireadh fáilte croíúil romhainn, agus labhair bean linn. Muna mbeadh a fhios acu go raibh Dia i láthair leo, Dia mar phríosúnach leo, ní bheadh acu ach saol na n-ainmhí. Ach le Dia ina láthair fuair siad dínit as sin. Tháinig an dínit chucu ó Dhia sa chreideamh a bhí acu agus sa dóchas a thug sé seo dóibh. Agus ó urnaí na maidne go dtí 4.00 p.m. déanann grúpaí sealaíocht ar an Phaidrín i rith an lae gach lá gan briseadh.

Agus tháinig an Creideamh go dtí an tír seo céad bliain ó shoin. Tá siad ag ceiliúradh céad bliain Críostaíochta i mbliana.

Titim go dtí an bun
Easpag a dúirt ag an chomhthionól síochána agus athmhuintearais go bhfuil siad i ndiaidh titim go dtí an bun, agus nach dtig leo dul níos ísle. Ní raibh a fhios acu go dtiocfadh le daoine daonna rudaí a dhéanamh chomh holc leis na rudaí a rinne siad orthu féin i Rwanda. Tuigeann siad anois an t-olcas atá sa duine, agus nach bhfuil go leor sa daonnacht le sin a leigheas. Dia amháin a dhéanfas tarrtháil orthu, agus tá siad ag tiontú ina threo sa Bhíobla agus san urnaí. Tá iontaisí déanta acu cheana féin ar bhóthar an athmhuintearais, agus tuigeann siad féin gur turas é. Grúpaí ag teacht le chéile mar thacaíocht, comhdhéanta de mhuintir na ndaoine a maraíodh agus de mhuintir na ndaoine atá sa phríosún as iad a mharú. Áiteanna ina bhfuil daoine ag beartú cónaí le chéile i mbailte beaga agus an dá thaobh le chéile. Go fiú nuair a d’imigh cuid acu óna gcuid tithe le himeacht mar theifithe agus gur ghlac an taobh eile seilbh ar a gcuid tithe, nuair a d’fhill siad shocraigh cuid acu in aon teach le chéile. Tuigeann siad nach fiú a thuilleadh leanstan den síorchuardach fá cé atá ceart agus cé atá mícheart. Ag an deireadh tá a fhios acu go mbeidh orthu cónaí le chéile.

Tá siad i ndiaidh sionad a bheith acu i ngach deoise, agus imeacht i ngach aon pharóiste ag dul leis, ag iarraidh cúl a thabhairt do ethnocentrism agus forbairt a dhéanamh ar an athmhuintearas. Tá sé sin curtha mar bhunsprioc acu uilig. Agus níl an Eaglais ag fanacht le polasaithe rialtais le go mbeidh siad ábalta tráchtaireacht a dhéanamh orthu. Tá agenda dá gcuid féin acu, agus treabhfaidh siad leo.

Moltaí na nEaspag
Ag deireadh an tionóil idirnáisiúnta a bhí ar siúl an seachtain sin thug siad moltaí faoi leith uathu. Seo cuid acu:

  • Labhairt le chéile sa dóigh go mbeimid ábalta an fhírinne a chuardach.
  • Fís Críostaí a fháil ar an stair.
  • D’iarr siad ar staraithe fírící an chinedhíothú a lorg, agus d’iarr siad ar dhiagairí agus ar scoláirí an Bhíobla léamh scrioptúrtha a dhéanamh ar an stair sin.
  • Cultúr síochána a chothú bunaithe ar shalom.
  • Cuimhne an phobail a ghlanadh.
  • Imeacht ón ethnocentrism.

Rinneadh seo uilig sa ‘Centre Christus’, lárionad Íosánach, agus an áit ar maraíodh an chéad ghrúpa san ár, sagairt, mná rialta agus tuataí. Ní thiocfadh liom gan chuimhneamh orthu. Rinneadh an plé seo i rith na seachtaine inar saoradh beirt shagart a bhí i bpríosún ceithre bliana, agus a daoradh chun báis dhá bhliain ó shin – Edouard Ntuliye agus Francois Kayiranga. Bhí an-chomhrá agam leo lá i ndiaidh a saoraithe. Labhair mé fosta le beirt bhan rialta atá sa phríosún go fóill agus iad ag obair leo.

Tá rud éigin iontach ag tárlú i Rwanda. Tá dúshraith an athmhuintearais curtha síos acu agus tá siad ag tógáil ar an dúshraith sin. Agus tá moladh speisialta ag dul go Leigiún Mhuire atá ag déanamh sárobair sna príosúin, mar gur príosúnaithe iad féin. Bímid ag guí ar a son uilig, agus guímid go mbeidh de chiall againne foghlaim uathu.

Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair in Timire an Chroí Naofa, Earrach 2001.

Tags: