Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Saturday, 18th May, 2024Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 28:16-20. 30-31
D’fhan sé ar feadh lán dhá bhliain agus lean sé air ag fógairt ríocht Dé.
Nuair a thángamar chun na Róimhe fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád.
Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo:
“A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. Scrúdaigh siadsan mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus b’éigean domsa Céasar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur I leith mo chine féin. Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.”
D’fhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu.Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le freagra Sm 10
Freagra Feicfidh na fíréin d’aghaidh, a Thiarna.
Malairt le freagra Alleluia!
1. Tá an Tiarna ina theampall naofa,ar neamh atá a chathaoir ríoga.
Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine. Freagra2. Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan,
is fuath leis fear an fhoréigin. Freagra3. Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 16:23-28 Glóir duit, a Thiarna.
Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise.
San am sin d’iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt:
“A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?”
Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”
Dúirt Íosa leis:
“Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.” Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise. Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart