About
Shop
Contact Us

Tiomna mairtírigh

30 November, 1999

Trí bliana sular maraíodh é scríobh an tAthair Christian de Chergé OCSO litir agus sheol chuig a chlann í, “le hoscailt i gcás mo bháis”. Tiomna mairtírigh a bhí inti.

I mBealtaine 1996, dúnmharaíodh seachtar manach Cistéirseach san Ailgéir.  Ón bhFrainc ó dhúchas, gabhadh iad ag sceimhlitheoirí Moslamacha dhá mhí roimhe sin, chun brú a chur ar rialtas na Fraince príosúnaigh Moslamacha a scaoileadh saor.  Nuair nár saoraíodh na príosúnaigh, ghearr siad scórnaigh na manach.  Tamall níos déanaí, foilsíodh Tiomna Spioradálta Phrióir na mainistreach, an tAth. Christian de Chergé OCSO.  Scríobh sé an litir i 1993 agus sheol chuig a chlann í, “le hoscailt i gcás mo bháis”. Seo a leanas an litir sin, áistrithe go Gaeilge ag Martin Browne, OSB.


Dá dtitfeadh sé amach lá éigin – agus d’fhéadfadh sé tarlú inniu – go ndéanfaí íobartach mé den sceimhlitheóireacht atá, de réir dealraimh, ag slogadh na heachtrannaigh uile a chónaíonn san Ailgéir faoi láthair, ba mhaith liom go gcuimhneodh mo chomhluadar, m’Eaglais agus mo chlann, gur tugadh suas mo bheatha do Dhia agus don tír seo.  Iarraim orthu glacadh leis nach raibh an taon Mháistir na beatha uile mar eachtrannach ag an imeacht brúidiúil seo.

Iarraim orthu guí ar mo shon: Mar conas go mb’fhiú mé a leithéad d’ofráil?  Ba mhaith liom go mbeadh ar a gcumas nasc a dhéanamh idir an bás seo agus go leor básanna eile, gach pioc chomh foréigneach, ach folaithe ag neamhshuim agus díth ainm.

Níl luach níos mó ar mo bheatha ná mar atá ar bheatha dhuine ar bith eile.  Níl luach níos lú uirthi ach oiread.  Dála an scéil, níl neamhurchóideacht na hóige aici.  Táim ar an saol fada go leor le haithint gur comhchoirí mé san olc atá, faraoir, ag fáil an lámh in uachtar ar thalamh an domhain; comhchoirí fiú san olc a bhuailfeadh síos mé go dall.

Ba mahith liom, nuair a thagann an nóiméad sin, fanacht i mo chiall fada go leor chun bheith in ann maithiúnas a iarraidh ar Dhia agus ar mo shiúracha is mo bhráithre.  Ag an am chéanna, ba mhaith liom maithiúnas a thabhairt don té a bhuailfeadh síos mé.

Ní fhéadfainn dúil a bheith agam i mbás mar seo.
Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach é sin a rá.

Ní fheicim, déanta na fírinne, conas a bhféadfainn bheith lúcháireach, dá gcuirfí, gan idirdhealú, mo dhúnmharú i leith phobal seo mo chroí.  Praghas ró-ard le híoc a bheadh ann, bheith i bhfiacha ag Ailgéireach, as ucht an rud ar a dtabharfar, b’fhéidir, ‘grásta na mairtíreachta’.  Go mór-mhór má deir an tAilgéireach go bhfuil sé ag caitheamh liom de réir an rud a chreideann seisean gur Ioslam é.

Tá eolas agam ar an dí-mheas gur féidir a chaitheamh gan idirdhealú ar Ailgéirigh mar chine.  Tá eolas agam freisin ar na scigphictiúir d’Ioslam a mhúsclaítear ag cineál ar leith idéalachais.  Tá sé ró-éasca ceirín a chur ar an gcoinsias trín slí Ioslamach a ionannú le fuaimintiúileacht na n-antoisctheach seo.

An Ailgéir agus Ioslam, sin rud eile ar fad domsa.  Is corp agus anam é.  Labhair mé go hoscailte, minic go leor is dóigh liom, ar an méad a fuair mé uaidh, tar éis rian fírinneach a aimsiú ann chomh minic sin den Soiscéal a d’fhoghlaim mé in ucht mo mháthar, mo chéad eaglais, san Ailgéir féin, in urraim Moslamacha creidmheacha.

Tabharfaidh mo bhás, dar le daoine áirithe, le fios go raibh láncheart acu siúd a mheas mé, go deifreach, mar dhuine saonta, idéalach: ‘Go n-inse sé dúinn anois céard a cheapann sé faoi!’  Ach caithfear a chur i bhfios do na daoine seo go mbeidh m’fhiosracht chíocrach sásaithe ansin.  Mar beidh ar mo chumas, má thoilíonn Dia é, m’amharc a thumadh in amharc an Athar, ag machnamh leis ar a pháistí Ioslamacha, go díreach mar a fheiceann seisean iad, go lonrach le glóir Chríost, toradh a Pháise; agus lán de thíolaicí an Spioraid – an Spiorad a bheidh mar lúcháir rúnda aige go deo, rannpháirtíocht a bhunú, agus cosúlacht a ath-bhunú, ag baint aoibhneas as na difríochtaí.

An bheatha seo chaillte, iomlán liom agus iomlán leo: Gabhaim buíochas le Dia, a thoiligh í, dar liom, ina iomláine, ar son na lúcháire sin san uile rud agus in ainneoin an uile rud.  San ‘Merci’ seo, a deirtear as seo amach as ucht gach rud i mo shaol, áirím sibhse, cairde an lae inné agus an lae inniu, agus sibhse, mo chairde anseo faoi láthair, chomh maith le mo mháthair is le m’athair, mo dheirfiúracha is deartháireacha agus a gclanna – an toradh faoi chéad deonaithe mar ar gealladh!

Agus tusa freisin, cara an nóiméid deiridh, tusa nach bhféadfadh méad an rud a dhein tú a thuiscint: ’Sea, ar do shon freisin gabhaim an merci agus an adieu seo, chun tú a chur faoi chúram Dé – Dia a fheicim a ghnúis i d’aghaidhse.  Agus go gcasfar ar a chéile arís sinn i bParthas, gadaithe sona, más toil Dé – m’Athair is d’Athair – é.  Amen.

Tags: