About
Shop
Contact Us

Timire an Chroí Ró-Naofa: Comóradh 100 bliain (1911-2011)

20 September, 2011

Timire an Chroí Ró-naofa: Foilseachán Íosánach

Fómhar 2011 – r-phost: [email protected]

Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011


Ábhair

  • Teachtaireacht ón Phápa
  • Teachtaireacht ón Uachtarán
  • Saibhreas i measc na mBocht – Aidan Donaldson
  • Misean Íosa sa Chambóid – Boy Peter Kann
  • Leigheas don Spiorad – An tUrramach Caroline McAfee
  • Caoga Bliain Viatores Christi – Sally Roddy
  • Aintíoc i mBéal Feirste – Milène Ní Fhaogáin
  • Beatha úr in aimsir chogaidh – David O’Hare
  • Súil Siar 1911—2011
  • An Timire faoi chúram na Cuallachta – Peigí Ní Dhurcáin
  • Aoire ár n-anama – Míne Uí Chribín
  • Scoláire agus Ceannródaí – Alan Mac Eochagáin SJ
  • Cuallacht Léannta – Michelle O Riordan
  • Im Leabharlann dom – Seán de Fréine
  • Mise Eoghan

EAGARFHOCAL

Nuair a thagann irisleabhar ar bith ar an saol, is é an rud is coitianta gurb ionann an chead eagrán agus an t-eagrán deireanach. Is rud mór é nuair a mhaireann sé cúpla bliain. Ach céad bliain! Éacht atá ansin – nó míorúilt is cirte a rá i gcás An Timire. Is cosúil go raibh neart agus buanachas i gceist nuair a bhi an urnai agus an Ghaeilge nasctha le chéile in aon ghluaiseacht amháin.

Bhí traidisiún Aspalacht na hUrnaí bunaithe go maith in Éirinn faoi 1911. Is é atá ann ná dúshlán do gach uile Chaitliceach páirt a ghlacadh i misean na hEaglaise uiledhomhanda tríd an ofráil laethúil. Is rud beag simpli é sin atá fréamhaithe i gcreideamh gur cuid dínn uile i gCorp mistiúil Chríost. Smaoineamh beag simpli umhal a bhfuil neart ann.

San eagrán seo gheobhaimid blaiseadh beag, go mór mór san alt le Michelle Ó Riordan, den ghrá agus den díograis i leith na Gaeilge a spreag baicle bheag d’Íosánaigh ildánacha ag tús an chéid seo caite. Nuair a d’aontaigh siad sin an grá don Ghaeilge leis an chreideamh a bhí á ngríosú, cuireadh rud ar bun a raibh fréamhacha iontach domhain aige.

Mar a fheicimid in alt Pheigí Ní Dhurcáin, ní raibh an bealach éasca an t-am ar fad. In 1949 bhí An Timire in isle brí agus is beag nár thit sé as a chéile. Ansin, tháinig dream eile a bhi lán de chreideamh agus de dhíograis chun a tharrthála, baill Chuallacht Mhuire.

Le linn mo thréimhse eagarthóireachta féin fosta bhí daoine ar fail, lán de chreideamh agus de dhíograis, a bhuíochas mór do Dhia: Peigí Ní Dhurcáin, Seán de Fréine, Caitriona Uí Chatháin, Bláthnaid Ó Brádaigh, Martin Browne OSB, Fionnuala Mac Aodha, Milène Ní Fhaogáin, Ciará agus Dora Ó Dúláine.

Creidim go bhfuil teachtaireacht ar leith dúinne, mar bhaill Aspalacht na hUrnaí, agus do na Gaeil i gcoitinne, i Salm 127 agus muid ag amharc siar ar ár stair agus ag amharc ar aghaidh: ‘Mura ndéana an Tiarna an teach a thógáil, is saothar amú é do lucht a thógála’.

Alan Mac Eochagáin SJ


Bord Eagarthóireachta
Alan Mac Eochagain SJ; Milène Ni Fhaogáin; Caitríona Uí Chatháin; Seán de Fréine; Bláthnaid Ó Brádaigh; Martin Browne OSB.

Failtíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó ar r-phost, más féidir.

Bunaíodh sa bhliain 1911
Uirnh. 443.
ISSN 1649-4466
Le cead eaglasta:
14 Iúil 2011

Ni gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoiri agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta.


AN OFRÁIL LAETHÚIL

 A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is níomh, gach áthas is brón.
Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach síos] … agus ar intinní féin.
Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2011:
Do mhúinteoiri, go dtuga siad uile grá don fhírinne, agus go n-oile siad a ndaltaí li fíorluachanna orálta agus spioradálta.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2011:
Go ndéana na comhluadair Chríostaí ar fud na hÁise an Soiscéal a fhógairt go díograiseach, agus iad ag tabhairt fianaise don áilleacht le lúcháir on Chreidimh.

 Ar dheis Dé:
 
Nóirín Mhic an Bhaird, An tAthair Mícheál Ó Meachair MSC, Siobhán Lincoln, Monica Ní Chearbhaill, An Dr. Micheal Ó Fionnáin, Bríd Uí Ghruagáin (Ní Neachtain), Máire de Stafort, Breandán S Ó Foighil

Go soilsí solas síoraí dóibh. go gcónaí siad sa tsíocháin.


Dearadh:
Messenger Publications Design Department

Sintiúis
Cóip amháin trid an bpost: €3.73 £3.25 stg
Go ceann bliana: €15/£13 stg
Seiceanna iníoctha leis An Timire

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig:
Peigí Ní Dhurcáin
An Timire, Teach Manresa SJ
Baile na gCorr, Cluain Tarbh
Baile Atha Cliath 3
Guthán: 01 832 5138

Clóbhualadh: Future Print


Misean Íosa sa Chambóid le Boy Peter Kann
Boy Peter is ainm dom agus is as an Chambóid mé, agus le seacht mbliana anuas tá ról lárnach ag an Eaglais Chaitliceach i mo shaol. Le linn m’óige tógadh mé mar Bhúdaí agus bhí saol sonasach agam le mo thuismitheoirí. Bhi m’athair iontach tiomanta go mbeadh oideachas maith agam agus thug sé a lán spreagtha agus tacaíochta dom. Mhothaigh me iontach buíoch as an deis a fuair me freastal ar scoil.

Agus mé i mo dhéagóir, fuair mo thuismitheoiri bás mar gheall ar fhadhbanna sláinte. Go tobann, bhi mé i mo dhílleachta, agus mhothaigh mé tréigthe agus uaigneach.

I ndiaidh dóibh bás a fháil, chaith me trí bliana i ndílleachtlann. B’iad sin na blianta is uaigní i mo shaol; mhothaigh mé liom féin, nach raibh grá ag duine ar bith dom, agus ní raibh dóchas ar bith agam. Ní raibh mé ag iarraidh fiú aon aire a thabhairt dom féin. Agus ar dhóigh phraiticiúil, chaill me blianta tábhachtacha mar ní raibh aon duine agam chun tacaíocht a thabhairt dom leanúint le mo chuid cúrsaí oideachais.

Sa sráidbhaile s’againn, tá séipéal beag Caitliceach ann. Chuir siad cúrsaí maithe ar fáil don óige. Is ansin a thosaigh me ag cur spéise sa chreideamh Críostaí. Chuaigh mé ar aghaidh chuig an Ollscoil in Phnom Penh, áit a bhfuair mé scoláireacht, agus bhí cónaí orm, ó 2005 go 2009 in lonad Mac Léinn na hEaglaise Caitlici. Bhi an tAthair Ashley Evans SJ, Éireannach as Baile Atha Cliath, i bhfeighil ar an gonad.

I ndiaidh tamaill, tháinig athrú orm agus thosaigh mé ag guí. Thuig me go raibh Dia gach aon áit, agus go dtabharfadh Sé aire dom i gcónaí, agus chuir sé seo lúcháir ar mo chroí. Baisteadh mé in 2006 agus chuaigh mé faoi lámh an Easpaig in 2007. Bhí pobal bríomhar Críostaí thart timpeall orm; agus leis an tuiscint úr a bhi agam ar Dhia, níor mhothaigh mé uaigneach níos mó.

Tuigim go bhuil me i ndiaidh bronntanais iontacha a fháil ón Eaglais. Theagasc beatha an phobail dom an tábhacht atá le seirbhís; leis an saol a roinnt eadrainn le chéile; agus le hathmhuintearas. Tugadh an deis dom taisteal thar lear, go háirithe le tri mhí a chaitheamh in Taizé na Fraince.

Anois tá me ag obair mar rúnaí don Sagart Paróiste in Battambang, agus ba mhaith liom na buntáistí uile a fuair mise ón Eaglais a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Bím ag múineadh an Chaiticiosma do na daoine óga agus ag cuidiú leo ina bhforbairt phearsanta. Nuair a bhionn an t-am agam, bim ag teagasc Béarla agus ag tabhairt cúrsaí riomhaireachta.

Tá súil agam gurb í seo an ghairm bheatha a bheidh agam ó Dhia, an bealach is fearr dom cabhrú le mo phobal féin. Is é misean Íosa gur tháinig sé ar domhan leis an duine a ofráil do Dhia, agus mar níl bealach is fearr ar fáil dúinn ach Íosa a leanúint. Tuigim go mbeidh íobairt i gceist ach caithfimid ár gcrois a thógáil mar is é seo an tslí chun an tslánaithe nó iomláine na beatha.

Nuair a bhi me óg, is cuimhin liom go raibh mé féin diúltach don Chríostaíocht agus chonaic me go raibh teannas idir Búdaigh agus Críostaithe. Tá fadhbanna ann i gcónaí ach is é mo bharúil féin nach bhfuil coimhlint chomh mór sin ann anois. Bímidne, na Críostaithe, ag cur imeachtaí ar fáil don phobal ar fad chun cumarsáid agus dialóg thrasphobail a chothú. A fhad agus is féidir, déanaimid obair charthanachta le chéile leis na Búdaigh.

Tá an Chriostaiocht iontach óg sa Chambóid. In 1972 ní raibh ach 20,000 Críostaí sa tír, an chuid is mó díobh ina gCaitlicigh. Aithním féin ó mo chuid oibre go bhfuil Dia i láthair go láidir i saol na ndaoine óga a chastar orm. Tá lúcháir orthu agus muinín acu as Íosa agus tá siad díograiseach agus réidh le dea-scéal Chriost a fhógairt.

Boy Peter Kann

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mein Fómhair 2011
Go ndéana na comhluadair Chríostaí ar fud na hÁise an Soiscéal a fhógairt go díograiseach, agus iad ag tabhairt fianaise don áilleacht le lúcháir an Chreidimh.


Timire an Chroi Naofa
36 Sráid Líosain Íocht
Baile Atha Cliath 2
r-phost: [email protected]
Iris oifigiúil Aspalacht na hUrnaí

Tags: ,