About
Shop
Contact Us

Téacs an Aifrinn do Shollúntas Phádraig Naofa

30 November, 1999

Seo téacs an Aifrinn do Shollúntas Phádraig Naofa – 17ú Márta – agus iomainn a oireann dó.

 Sollúntas Phádraig Naofa – Easpag Príomhéarlamh Éireann – 17ú Márta

IOMANN ROIMH AIFREAN

Dóchas linn Naomh Pádraig

Dóchas linn Naomh Pádraig, Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirearc gléigeal, solas mór an tsaoil é.
D’fhill le soiscéal grá dúinn d’ainneoin blianta i ngéibheann.
Grá mar Mhac na páirte, d’fhuascail cách an daorbhruid.

Sléibhte, gleannta máighe, ‘s bailte móra na hÉireann,
Ghlan se iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil.
Iarrmaid ort, a Phádraig, guí orainne Gaela,
Dia linn ló ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.

Críost Liom

Críost liom, Críost romham, Críost im dhiadh,
Críost ar mo chion-sa, agus Críost fúm,
Críost ina chónai i mo chroí-se,
Críost fós ó dheas díom, Críost ó thuaidh.

Ón Tiarna tig slánú,
Ón Tiarna tig slánú,
Go raibh do shlánú, a Thirna,
In ár measc go saol na saol.

ORD AN AFRINN
Sagart: In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Pobal: Amen.
Sagart:
Go raibh an Tiarna libh.
Pobal: Agus leat féin.

GNÍOMH AITHRÍ
Sagart:  A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheiliúradh.
Sagart agus Pobal:
Admhaím do Dhia uilechumhachtach
agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh me go trom
le smaoineamh agus le briathar,
le ghíomh agus le faillí,
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire siorÓgh,
ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre,
guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn,
go maithe sé ár bpeacaí duinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Pobal: Amen.

S. A Thiarna, déan trócaire.  P. A Thiarna, déan trócaire.
S
. A Chríost, déan trócaire.  P. A Chríost, déan trócaire.
S.
A Thiarna, déan trócaire.  P. A Thiarna, déan trócaire.

AN GHLÓIR
Sagart agus Pobal: Glóir do Dhia sna harda,
Agus ar talamh siocháin do lucht a pháirte.
Molaimid thú,
Moraimid thú.
Adhraimid thú.
Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhftaitheas,
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh,
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa, a thógann peacaí an domhain,
déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain,
glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Oir is tú amhain is naofa.
Is tú amhain is Tiarna.
Is tú amhain is ró-ard, a Íosa Criost,
mar aon leis an Spiorad Naomh
i nglóir Dé an tAthair. Amen.

AN URNAÍ
Sagart: Guímís…
A Thiarna,
de bharr shaothar Naomh Pádraig in Éirinn
ta sé tar eis teacht linn rúndiamhair an aon fhíor-Dhia amháin a admháil
agus buíochas a ghabháil as ár slánú i gCríost;
de bharr a idirghuí deonaigh go gcoinneoimidne,
a cheiliúrann an fhéile seo,
tine an chreidimh, a d’adhain sé, beo i gcónaí inár measc.

Trínár dTiarna Íosa Críot do Mhac,
a mhaireann agus a rialaínn leatsa,
mar aon leis an Spiorad Naomh, ina Dhia,
trí shaol na saol.

Pobal: Amen.

An Chéad Léacht
Léachtóir:  Sliocht as leabhar Shiorach 39:6- 10
(Ní rachaidh a chuimhne ar ceal agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.)

Más toil leis an Tiarna mór é,
líonfar é de spiorad na tuisceana;
titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,
agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.
Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,
agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.
Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,
agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.
Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,
agus ní ligfear i ndearmad é go deo;
ní rachaidh a chuimhne ar ceal,
agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
Fogróidh ciníocha a eagna,
agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí..

Briathar Dé

Pobal: Buíochas le Dia

Salm Loinneogach:         Salm 115: 12-19. L v.12
Loinneog:    Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna 
                     ina ndearna sé dom?

1. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
    ina ndearna sé dom?
    Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,
    gairfidh mé ainm an Tiarna.
    Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
    i bhfianaise a phobail.                   Loinneog

2. Is luachmhar i láthair an Tiarna
    bás a fhíréan.
    Is mise do ghiolla, a Thiarna,
    sea, is mac do chailín aimsire;
    scaoil tú mo chuibhreacha.          Loinneog 

3. Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;
    gairfidh mé ainm an Tiarna.
    Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
    i bhfianaise a phobail,
    i gcúirteanna áras an Tiarna,        Loinneog   

An Dara Léacht
Léachtóir:     Slíocht as dara litir Naomh Pól chuig Tiomóid (4:1-8)
(Bí ag áitiú, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.)

I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.

I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.

Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Briathar Dé.
Pobal: Buíochas le Dia.

Alleluia
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

Glacaigí go ceansa le Briathar Dé a síoladh ionaibh
agus atá in ann bhur n-anam a shlánú,
agus géill dó.

Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

An Soiscéal
S: Go raibh an Tiarna libh.
P: Agus leat féin.

S: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Mhata (13:24-32)
P: Glóir duit, a Thiarna.

(Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, is é is mó de na toir.)

Chuir Íosa parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”

Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”

Soiscéal Dé.
P:
Moladh duit, a Chríost

Suíonn an pobal don aitheasc.

AN CHRÉ
Éiríonn an pobal ina seasamh.
Sagart agus Pobal: Creidim in aon Dia amháin.
An tAthair uilechumhachtach a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, Aon-Mhac Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollalodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son;
d’fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an treas la de réir na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an’Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin, chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.

GUÍ AN PHOBAIL
Sagart: Guímis chun Dé inniu go gcuirfeadh an saol go léir aithne ar Chríost a Mhac agus go mbeadh lúcháir orthu da bharrsan.

Léachtoir:  Tabhair solas an chreidimh do gach duine ar fud an domhain. A Thiarna, éist linn.
Pobal:  A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

L:  Go gcuire an Soiscéal lúcháir ar an muintir a ghlacann leis le croí glan. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

L:  Go nglanaimid féin as ár gcroí go mbeadh lúcháir Dé againn go brách. A Thiarna, éist linn.
P:  A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

L: Go nglanaimid féin as ar gcroí gach éad agus formad agus uabhar i dtreo go mbeadh lúcháir Dé againn go brách. A Thiarna, éist linn. .
P:  A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

L:   Go mbeirimid go léir idir óg agus aosta buíochas leat i gcónaí ar son an tSlanaitheora a chuir tu chugainn. A Thiarna, éist linn.
P:   A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh duinn iad trí íobairt ar dTiarna san Aifreann seo. Cothaigh sinn le do ghrásta ó neamh, a Athair na trócaire. Iarraimid é seo trí Chríost ar dTiarna.
Pobal:  Amen.
.
Liotuirge na hEocairiste
Suíonn an pobal. Le linn na n-ofrálacha a bheith a n-iompar agus a dtoirbhirt is ionmholta iomann a chanadh.

IOMANN OFRÁLA

Ag Críost an síol
Ag Críost an síol, ag Críost an fomhar,
In iothlainn Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc,
I líonta Dé go gcastar sinn.

Ó fhás go haois, is ó aois go bás,
Do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.
Ó bhás go críoch ní críoch ach athfhás
i bParthas na ngrást go rabhaimid.

AN OFRÁIL

Sagart: Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia na cruinne
mar gur bhronn tu orainn an t-arán seo
a ofraláimid duit.
An talamh agus saothar an duine
a thugann é mar thoradh
agus déanfar de arán na beatha duinn.
P:  Moladh go deo le Dia.

S: Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia cruinne
mar gur bhronn tu orainn an fion seo
a ofraláimid duit.
An fhíniúin agus saothar an duine
a thugann é mar thoradh
agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
P: Moladh go deo le Dia.

S: Guigí, a bhráithre,
go nglaca Dia an tAthair uilechumhachtach
leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.
Pobal:  Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha
chun onóra agos glóire a ainm,
agus chun sochair dúinne
agus dá NaomhEaglais uile.

Os cionn na nOfrálacha
S: A Thiarna,
glac leis an íobairt fhíorghlan seo
a ofrálann do phobal buíoch duit
de bharr shaothar NaomhPádraig
chun glóir d’ainm.
Trí Chríost ár dTiarna. P: Amen.

AN PHAIDIR EOCAIRISTEACH
S. Go raibh an Tiarna libh.
P. Agus leat féin.
S. Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P. Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S. Gabhaimís buíochas leis an Tiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.

Sagart:
Is ceart agus is cóir dúinn go deimhin,
is é ár ndualgas agus ár slánu é
buíochas a ghabháil léat de shíor agus i ngach áit,
a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
agus thú a mholadh go cuí
agus sinn ag tabhairt ómóis do Naomh Pádraig.

Óir trína phaidreoireacht laethúil
le linn dó bheith i ngéibheann agus ag fulaingt cruatain
thug tú air thú a aithint mar Athair grámhar.
Thogh tú é as a raibh ar domhan
chun filleadh ar thír na ndaoine a rinne príosúnach de
i dtreo is go n-admhóidís Íosa Críost, a Slánaitheoir.
Trí chumhacht do Spioraid threoraigh tú a bhealaí
ionas gur éirigh leis clann mhac agus iníonacha na nÉireannach
a iompú chun seirbhís Dé Thrí-aonta.

Le croíthe lúcháireacha canaimidne atá sa saol seo
mar a chanann na haingil ar neamh
agus iad ag moladh do ghlóire gan stad:

S & P:
Is naofa, naofa naofa thú, a Thiarna, Dia na slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.

Sagart: A Thiarna Dia, is tu amháin is naofa.
Gach ar chruthaigh tu molann siad thú mar is dual duit.
Déanann tu gach rud a bheochan agus a naomhu, le cumhacht an Spioraid Naoimh,
Trí do Mhac, ár dTiarna, Íosa Críost, agus bíonn tu de shíor ag bailiu pobal chugat féin,
ionas go mbeadh íobairt ghlan a hofráil do d’ainm, ó éirí go luí na gréine.

Impímid go humhal ort, da bhrí sin, a Thiarna,
na tabhartais seo atá tugtha i do láthair againn le coisreacan duit
a naomhu tríd an Spiorad céanna,
ionas go ndéanfaí díobh Corp agus + Fuil do Mhic, ár dTiarna, Íosa Chríost;
mar is le hordu uaidh a cheiliuraimid na rundiamhra seo.

An oíche ar tugadh suas é thóg se an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh duit, bhris an t-arán agus thug da dheisceabail é á rá:

Glacaigí agus ithigíuile é seo:
Óir is é seo mo chorp a thabharfar ar bhur son.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
thóg sé an chailís, ghabh sé buíochas leat arís, mhol thu,
agus thug dá dheisceabail í, á rá:

Glacaigí agus ólaigí uile aisti seo: óir is í seo cailís mo chuid fola,
Fuil an nuathaiomna shíoraí.
Doirtfear íar bhur son agus ar son an chine dhaonna chun maithiunas na bpeacaí.

Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa.

Sagart:
Fógraimis rundiamhair an chreidimh.

Pobal:
A Íosa, fuair tú bás ar ár son. 
D’éirigh to ó na mairbh.
Tiocfaidh to arís.

S: Da réir sin, a Thiarna Dia, cuimhnimid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn,
ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabáil chun na bhflaitheas.
Agus ofraláimid duit, mar chomhartha buíochais, an íobairt bheo naofa soo,
agus sinn ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair.

Féach anuas, impímid ort, ar íobairt na hEagiaise:
Is eol duit gurb é seo an Chríost céanna, ar ghlac tu lena bhás in éiric ar bpeacaí.
Tabhair duinn, dá bhrí sin, go líonfar den Spiorad Naomh
sinne atá dár gcothu le Corp agus le Fuil do Mhic,
agus go ndéantar dinn aon chorp amháin agus aon spiorad amháin i gCríost.

Go ndéana seisean dinn tabhartas foirfe sioraí duitse, a Dhia,
ionas go n-éireoidh linn an oidhreacht a bhaint amach i gcuideachta na naomh:
sa chéad áit, an Mhaighdean Bheannaithe, Muire Máthair Dé,
d’Aspail naofa agus do Mhairtírigh ghlórmhara, Naomh Pádraig agus na naoimh uile.
Tá lanmhuinín againn as an idirghuí a dhéanann siad go buan ós do chomhair.

An íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat,
go dté sí chun síochána agus chun slánaithe don domhan uile, impimid ort, a Thiarna.
Neartaigh d’Eaglais, ar a hoilithreacht ar talamh, i gcreideamh agus i gcarthanacht
mar aon le do sheirbhiseach, ár bPápa Benedict, lenár nEaspag A.,
leis na heaspaig agus leis an gcléir uile, agus leis an bpobal uile atá roghnaithe agat.
.
Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh atá anseo i do láthair de réir do thola féin.
A Athair na trócaire, ceangail leat féin do chlann uile, cibé áit a bhfuil siad scaipthe.

Lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintir atá marbh
agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoi.
Is é ár ndóchas go mbéimidne ina gcuideachta siud
ionas go mbainfimid aoibhneas as do ghlóir, i dteannta a chéile go deo,
tri Chríost ar dTiarna trína mbronnann tú gach maitheas ar an saol.

Is tríd, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse,
a Dhia an tAthair uilechumhachtach, mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol.

P. Amen.

DEASGNÁTHA NA COMAOINEACH

Sagart: Guimís chun an Athar faoi mar a mhúin ar Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

Sagart agus Pobal:
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar neamh.
Ar n-arán laethúiI tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiuna féin,
agus na lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.

S. Saor sinn ó gach olc, impimid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Criost.

P. Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir trí shaol na saol.

S.  A Thiarna losa Críost, a dúirt le d’ Aspail: Fagaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeacaíne ach ar chreideamh d’Eaglaise. Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
P. Amen.

S. Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
P. Agus leat féin.
S:
Cuirigí in iúl da chéile go bhfuil síocháin eadraibh.

Cuireann a mbíonn i láthair in iúil ar shlí dhúchasach go bhfuil síocháin agus cairdeas eatarthu.

Síocháin an Tiarna leat.
Agus leat féin.

S & P: 
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair duinn siocháin.

S: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siud a fuair cuireadh chun séire an Uain.

Sagart & Pobal:  A Thiarna, ni fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon,
ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

S: (ós iseal) Go dtuga Corp Chríost slán chun na beatha síoraí mé.
S: (ós iseal) Go dtuga Fuil Chríost slán chun na beatha síoraí mé.

Ag tabhairt na Comaoineach
S. Corp Chriost.
P. Amen.

LOINNEOG DON CHOMAOINEACH

Fáilte romhat a Rí na nAingeal

Fáilte romhat, a Rí na nAingeal
T’réis do ghlactha, a choirp an Rí;
Fáilte romhat, a Rí na bhflaitheas.
Fóir, a Chríost, gach duine dínn.

Dia do bheatha, a Thiarna Dia,
Dia is duine thu, a Íosa Críost;
Dia do bheatha, a bhláth is gile,
Tusa beatha cách go fíor.

Fáilte romhat, a Ri na nAingeal
T’réis do ghlactha, a choirp an Rí;
Fáilte romhat, a Ri na bhflaitheas.
Fóir, a Chríost, gach duine dínn.

Deus meus, adiuva me,
Tabhair dom do shearc, a Mhic dhil Dé,
Tabhair dom do shearc, a Mhic dhil Dé,
Deus meus, adiuva me.

Domine, da quod peto a te,
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé,
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé,
Domine, da quod peto a te.

Domine, Domine, exaudi me,
M’anam bheith lán ded’ ghrá, a Dhé,
M’anam bheith lán ded’ ghrá, a Dhé,
Domine, Domine, exaudi me.

Iargomaoineach
Sagart:
Neartaigh sinn tríd an tsacraimint seo, a Thiarna,
i dtreo is go ndéanfaimid an creideamh a theagasc Naomh Pádraig
a admháil agus a fhógairt
trínár modh maireachtála.
Trí Chríost ár dTiarna.
P: Amen.

BEANNACHT SHOLLÚNTA AGUS AND DÚNADH
Sagart:
Go raibh an Tiarna libh.
P: Agus leat féin.

Sagart:
Dia an tAthair,
a thionól le chéile sinn
le féile Naomh Pádraig a cheiliúradh,
go mbeannaí sé sibh, go gcosnaí sé sibh
agus go gcoinní sé sibh
dílis don chreideamh i dtólamh.
P. Amen.

Sagart:
Go raibh Chríost, an Tiarna,
Ardrí na bhflaitheas,
I ngar daoibh I gcónaí
agus go gcumhdaí sé sibh ar an olc.
P. Amen.

Sagart:
Go ndeonaí an Spiorad Naomh,
foinse gach naofachta,
go mbeidh sibh lán de ghrá do phobal Dé.
P. Amen.

S: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, + Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
P: Amen.
S:
Ta an tAifreann thart. Imigí faoi shíocháin chun grá agus seirbhís a thabhairt don Tiarna.
P: Buíochas le Dia.

IOMANN CHLABHSÚIR

Dóchas linn Naomh Pádraig, Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirearc gléigeal, solas mór an tsaoil é.
D’fhill le soiscéal grá duinn d’ainneoin blianta i ngéibheann.
Grá mar Mhac na páirte, d’fhuascail cách ón daorbhruid.

Sléibhte, gleannta máighe, ‘s bailte móra na hÉireann,
Ghlan se iad go deo duinn, míle glóir dá naomh dhil.
Iarrmaid ort, a Phádraig, guí orainne Gaela,
Dia linn ló ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.

 


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

 

Lárionad Náisiúnta Liotúirge

 

Tags: