About
Shop
Contact Us

Níorbh fhéidir … gan grásta an Spioraid Naoimh: Proinsias Xavier 1506 – 2006

30 November, 1999

Ní raibh fios ar bith ag muintir na hEorpa faoi’n Seapáin go dtí gur scríobh Proinsias Xavier litir ‘na bhaile ó’n tir sin. Agus is tréan an chumhacht chun idirghuí atá aige go fóill. Scríobhann Brian Mac Eochagáin SJ faoi shaol Phroinsiais Xavier, naomh coimirce na misiún.

Ar 7ú Aibreán 2006 béimid ag ceiliúradh cúig céad bliain ó bhreith Naomh Proinsias Xavier, a bhfuil sé ráite faoi gurb é an misinéir is mó ó aimsir Naomh Pól. Rugadh é i gCaisleán Xavier i dTír na mBascach i dtuaisceart na Spáinne. Is ionann an focal ‘xavier’ agus ‘teach nua’ sa Bhascais. Níor chaith sé ach deich mbliana ‘ar na misin’, tréimhse a tháinig chun deiridh nuair a fuair sé bás ar oileán Sancian, achar beag amach ó chósta na Síne. Ábhar fáthscéalta atá in eachtraí na deich mbliana sin, ach amháin go bhfuil an fhírinne sa chás seo i bhfad níos suntasaí ná na scéalta.

Fianaise Francisco Manshilhas
Nuair a bhí próiseas a chanónaithe ar siúl, thug fear amháin an fhianaise seo leanas: “Níorbh fhéidir le duine ar bith an méid a rinne seisean a dhéanamh, ná maireachtáil faoi mar a mhair sé, gan grásta an Spioraid Naoimh…mar is mó gur bheatha aingil a bhí aige ná beatha duine. San oíche, nuair a bhí am aige, ghlacadh sé spás machnaimh, agus ghéilleadh sé é féin don urnaí agus don mharana (cointeampláid). Thug sé sólás do dhaoine, lá agus oíche, ag éisteacht lena bhfaoistin agus ag tabhairt cuairte ar na heasláin. Bhíodh sé i gcónaí ag tabhairt déirce do na bochtáin. Ní choimeádadh sé rud ar bith dó féin nó ar mhaithe leis féin…a oiread agus arbh fhéidir cur síos ar an fhear seo – fiú i mbrionglóidí – de bhrí go ndearna sé an oiread sin agus ní ba mhó.” Labhair an fear sin, Francisco Manshilhas, faoi mhionn, agus níorbh fhéidir cur ina leith go raibh sé claonta i bhfabhar Xavier, mar ba é Xavier féin a dhíbir amach as Cumann Íosa é, tráth dá raibh.

Chuaigh Francisco Mansilhas go cnámh na huillinne nuair a dúirt sé nárbh fhéidir saol Xavier a mhíniú ‘gan grásta an Spioraid Naoimh’. Bhí saol Xavier ag brath ar ‘chabhair na gaoithe’ ar gach dóigh. Ba í an ghaoth a thug thar farraigí garbha é i mbáid nach gcuirfí isteach san fharraige ar chor ar bith inniu. Ach ba é an Spiorad Naomh, Gaoth Dé, a thiomáin é gan staonadh chun Ríocht Dé a fhógairt go críocha na cruinne.

An chéad Eorpach a shroich an tSeapáin
Ba eisean an chéad Eorpach a shroich an tSeapáin, agus leag sé amach cosán a thabharfadh inspioráid do na mílte fear agus ban óga a leanfadh a chéimeanna chun an Soiscéal a thabhairt chun na hÁise. Ba é an Spiorad Naomh céanna a rinne naomh de.

Ba mhéanar dó go raibh máthair mhaith aige a thug an creideamh dó agus é ina pháiste óg, agus go raibh sé éirimiúil go leor le dul chuig an Sorbonne i bPáras ar ball. D’éirigh go maith leis ina chuid staidéir, agus ba churadh na hollscoile é sa léim ard. Iompaíodh a shaol bun os cionn, áfach, nuair a tháinig scoláire Bascach eile, Iognáid Loyola, chun cónaí in aon lóistín leis. Ar dtús, ní raibh suim dá laghad ag Xavier san fhear nua a bhí bacach ó gortaíodh é ag Cath Pamplona ocht mbliana roimhe sin. Mar a tharla bhí beirt deartháireacha de chuid Xavier ar an taobh eile sa chath sin. I ndiaidh tamaill bhig chuaigh Iognáid i bhfeidhm ar Xavier, dála gach aon duine a chuir aithne mhaith air. D’éirigh dlúthchairdeas eatarthu a mhairfeadh go deo. Bhunaigh siad Cumann Íosa le chéile; bhí cuspóir amháin acu – an soiscéal a scaipeadh go críocha na cruinne. Rinneadh iad a chanónú le chéile ar an aon lá, 12 Márta, 1622.

Iognáid mar anamchara dó
Bhí cumas as an ghnách ag Iognáid mar anamchara, cé nach raibh scolaíocht ar bith aige sa spioradáltacht ná sa diagacht. Bhí sé in ann an cumas iontach a bhí i bhfolach ina chara óg a aithint. Faoi stiúir Iognáid d’iompaigh Proinsias ó bheith ina ghnáth-scoláire uaillmhianach le bheith ina aspal ar lasadh le grá do Dhia. Níor tharla sé seo thar oíche. Deireadh Iognáid ar ball gurbh é Proinsias ‘an taos is righne dá raibh riamh le fuineadh aige’. Chuir sé Proinsias ag smaoineamh ar mhórcheisteanna an tsaoil. Cén fáth ar cruthaíodh mé? Cad chuige a bhfuil na rudaí maithe atá sa saol timpeall orm ann? Cad chuige a ndearnadh duine de Dhia? Conas a phléann Dia le daoine? Cad is cóir domsa a dhéanamh san am atá agam roimh mo bhás? Conas is féidir liomsa toil Dé domsa a aithint? Conas is féidir liom fás i ngrá do Dhia agus do dhaoine eile? De réir a chéile, d’éirigh Proinsias cinnte go bhfaigheadh sé an freagra ar na ceisteanna sin uilig sna scrioptúir. Má éirímid umhal dó, tabharfaidh an Spiorad Naomh eolas dúinn chun an uile fhírinne, mar a gheall Íosa.

Is é an toradh a bhí ar a chuid machnaimh gur athraíodh saol Phroinsias go h-iomlán. Thug sé uaidh a raibh aige, rinneadh sagart de agus leag sé air féin córas urnaithe, troscaidh, aithreachais, seanmóireachta agus aire a thabhairt do na heasláin a bhí chomh dian go raibh ar Iognáid iarraidh air a dhíograis a mhaolú rud beag. Ní raibh fadhb leis sin, mar d’fhoghlaim sé ó Iognáid gur ghá bheith umhal don údarás dleathach sa Chríostaíocht.

Ollturas farraige
Ar a thríocha cúigiú lá breithe, 7 Aibreán 1541, chuir Proinsias chun na farraige ó Liospóin, agus é ag dul mar ionadaí an Phápa chun na hIndia. Ollturas farraige a bhí roimhe, agus bheadh a lán turasanna eile aige sula dtiocfadh sé go ceann scríbe. Nuair a shroich sé an t-oirthear chuala sé faoin tSeapáin den chéad uair agus chuaigh sé ar aghaidh ansin. Nuair a labhair sé faoi Dhia leis na Seapánaigh, d’fhiafraigh siad de cad chuige nár chuala na Sínigh faoin Dia seo más fíor-Dhia a bhí ann! Rinne sé cinneadh ar an toirt go mbeadh air bualadh leis na Sínigh, ós rud é go raibh an oiread sin measa orthu ag a gcomharsana. Ach bhí pleananna eile ag Dia dó.

Bás ar oileán Sancian, a chorp i nGoa na hIndia
Bhí sé ag fanacht le long chun é a thabhairt chuig mórthír na Síne nuair a bhuail fiabhras é, agus fuair sé bás ar 3ú Nollaig, 1552. Cé gur cuireadh é in aol beo, fuarthas amach go luath gur fhan a chorp gan lobhadh. Coinníodh a chorp i nGoa na hIndia agus tá sé ann le 450 bliain anuas. Déantar é a nochtadh do na milliúin oilithreach gach deich mbliana.

Nóibhéine an Ghrásta
Gach aon bhliain déantar Nóibhéine an Ghrásta ina onóir ó 4 go 12 Márta, cothrom lá a chanónaithe, in eaglaisí timpeall an domhain. Tugann daoine fianaise – thar na céadta bliain agus go dtí an lá inniu – nach bhfuil a chumhacht chun idirghuí le Dia imithe i laige le himeacht aimsire.


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Earrach 2006.

Tags: