About
Shop
Contact Us

Lá Domhanda na n-Óg agus Athnuachan Beatha

30 November, 1999

Sí intinn mhiseanach an Phápa do Mhí an Iúil 2008 ná: Go n-adhnaí Lá Domhanda na nÓg (in Sydney na hAstráile) daoine óga le grá diaga agus go spreagfar iad chun bheith ina síoladóirí dóchais do dhaonnacht úrnua. Tugann Carly-Anne Gannon cuntas dúinn faoi mar a d’fhág a h-eachtraí i gKöln sa bhliain 2005 rian uirthi agus ar a saol spioradálta.

Ag breathnú siar ar mo thaithí ar Lá Domhanda na n-Óg i Köln na Gearmáine sa bhliain 2005, tagann an ráiteas seo leanas chugam: ‘Ná codail ró-fhada taobh thiar de bhallaí daingne. Bain leas as do theach mar phuball. Bíodh do chroí amhail duine ag síorthaisteal’ (Gisela Dreher-Richels). Seo díreach an dearcadh a bhí agam tar éis dom bheith páirteach sa chomóradh seachtainiúil de Lá Domhanda na n-Óg. Ba dhúshlán mór agus eachtraíocht é an turas seo. Spreag an tAthair Pádraig Gleeson, duine de na séiplínigh Chaitliceacha i gColáiste na Tríonóide, mé féin agus mo dheirfiúr chun dul ar an turas le Slí Eile (eagras Íosánach do dhaoine óga idir 18-35 bliana d’aois a dhíríonn ar chúrsaí creidimh agus córa). Ba é seo mo chéad taithí ar an eagras agus ar spioradáltacht Íosánach. Bheinn ag caitheamh dhá sheachtain le daoine nár bhuail mé leo ach cúpla uair cheana ag cruinnithe ullmhúcháin. Bhí an turas faoi chinnireacht bheirt Íosánach iontacha, an tAthair Gerry Clarke agus an tAthair Leon Ó Giolláin. Tá mé fíorbhuíoch gur bhain mé leas as an deis seo mar tá páirt lárnach i mo shaol fós ag Slí Eile agus an Lá Domhanda.

Bhí páirt ag ár ngrúpa sa chlár ullmhúcháin ar a dtugtar magis, a chiallaíonn ‘níos mó’ agus a thagraíonn don spioradáltacht Íosánach: bheith beo níos mó le Dia. San iomann a chanann na hoilithrigh ó magis tá na focail Te magis novisse, te magis amare, et magis te sequi, te Christe rogamus, ‘Tú a fheiscint níos soiléire, tú a ghráú níos daingne, agus tú a leanúint níos gaire, sin a iarraimid ort, a Chríost’. Amhail an t-oilithreach ag taisteal gan mórán bagáiste agus réidh don chéad chéim eile ar an mbóthar, caithfimid bheith
réidh dul pé áit a n-iarrann Dia orainn dul, agus cé go mbeidh deacrachtaí againn ar an mbealach, beidh grá Dé linn freisin. Bíonn réimse leathan d’aoiseanna agus de náisiúntachtaí páirteach in magis agus tarlaíonn fiontair dá bharr.

Ag Lá Domhanda na n-Óg bhíomar in ann ár gcreideamh a chleachtadh ar bhealach nadúrtha gan strus. Ba shaoirse iontach é sin mar is minic go gcaithfimid leathscéal a dhéanamh don chreideamh in Éirinn an lae inniu. Chanamar do Dhia, ghuíomar go minic os ard, chaith daoine croiseanna le bród, thugamar barróga dá chéile go croíúil. Bhí Íosa i láthair agus bhí leigheas ar fáil agus an glaoch chun gnímh níos tréine. Bhí féile agus ceiliúradh mar chuid lárnach den ócáid. Bhí aoibh iontach ar gach duine, gáire ar gach taobh agus cairdeas á dhaingniú thar na hilchríocha. Cuid de na cuimhní a fhanann liom ná na sluaite ag canadh ‘A Íosa Críost, is tusa mo sholas!’; an radharc de mhilliún daoine óga le coinnle lasta; na bandanas oráiste a bhí á gcaitheamh ag cách; na béilí rialta de tofu agus ár sluaghairm mhagúil No More Fu; an taithí a bhí againn
codladh ar urláir i hallaí spóirt, i scoileanna agus mo rogha cheann! – ionad páirceála, ar glaodh ‘ionad cruinnithe’ air gan rath.

Ba é seo mo chéad taithí ar an Eaglais ‘caitliceach’ nó uilechoiteann. Bhí tionchar dearfa orm ag an deis an Eocairist agus an liotúirge a cheiliúradh le Caitlicigh óga as náisiúin agus cultúir éagsúla. Bhraith mé athnuachan creidimh – ní hé go raibh cailliúint creidimh roimhe sin – dúthracht spreagúil chun dul ar aghaidh ar mo bhealach le lúcháir na Cásca ionam.

Ba é téama an Lá Domhanda ná ‘Thángamar ag déanamh ómóis dó’ (Matha 2:2). Amhail na Magi thángamar, agus leanaimid ag teacht chun ómóis a dhéanamh dó. An dóchas a fhaighimid ónár saol a thabhairt don Tiarna agus é a ligean isteach inár gcroí, slánfaidh sé muid ón mbréag go mbraitheann luach ár mbeatha ar mhórghníomhartha agus ar éachtaí. Ní fiú tada ár gcuid saothair gan beocht an Spioraid Naofa ann.

Ag deireadh Aifreann an Domhnaigh, mar a tharla ag an Aifreann ag an Lá Domhanda, tugtar an cuireadh dúinn: ‘Imígí faoi shíocháin chun grá agus seirbhís a thabhairt don Tiarna’. Fágaimid an eaglais le dúthracht chun bheith inár bhfinnéithe ar Íosa agus chun tíolacthaí an Spioraid Naoimh a thabhairt dóibh siúd atá thart orainn, ionas go mbeidh beatha acu, beatha fhial. I Spioraid na Seirbhíse seo guím maidir leis na daoine
óga a ghlacfaidh páirt i Lá Domhanda na n-Óg in Sydney, go bhfillfidh siad abhaile chuig a muintir agus a bpobal ina ‘síoladóirí dóchais do dhaonnacht úrnua’.


Tá Carly-Anne ceithre bliana is fiche agus ag obair mar leabharlannaí faoi láthair. Is céimí í de Choláiste na Tríonóide (An Léann Bíobalta agus Diaganta) agus tá iarchéim aici sa Léann Éacúiméineach. Beidh sí ag tabhairt faoi Mháistreacht san Oideachas in Ollscoil Notre Dame, Indiana an samhradh seo agus ag múineadh teagaisc Chríostaí Mí Mheán Fómhair in Corpus Christi, Texas.

 

Tags: