About
Shop
Contact Us

Imlitir an Phaidrín

30 November, 1999

Déanann Breandán Ó Doibhlin cur síos ar Imlitir an Phápa Eoin Pól ar an Phaidrín Bheannaithe.

Mar is eol, is í an tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2002 go dti Deireadh Fómhair 2003 bliain an Phaidrín. Da thairbhe sin, chuir an Pápa Eoin Pól amach imlitir thábhachtách ar an Phaidrín ar an 16 Deireadh Fómhair, 2002, mar nar mhaith leis, mar adúirt sé, Bliain an Phaidrín a ligean thairis gan teagasc agus treoir a thabhairt do na fíréin mar gheall ar an deabhóid seo. Bhí sé ag leanúint, adúirt sé, traidisiún na bPápaí a chuaigh roimhe, go háirithe Leon XIII, a d’fhoilsigh, go díreach céad bliain roimhe seo, an Imlitir Supremi Apostolatus Officio, chomh maith leis an Litir Aspalda a chuir an Pápa Eoin XXIII amach in 1961 agus an t-aitheasc Marialis Cultus a thug an Pápa Pól VI uaidh i gcomhréir le Dara Comhairle na Vatácáine.

Deabhóid an Phápa féin

Go deimhin, is é atá san Imlitir seo ná tráchtaireacht an-iomlán ar an deabhóid seo faoi gach ghné. Tar éis an rémhrá an-phearsanta atá luaite agam, tá an chuid eile roinnte ina thrí chaibidil, mar aon le roinnt leathanach mar chlabhsúr ina ndiaidh. Is ea thugann an Pápa ar na caibidil seo: Rinnfheitheamh ar Chríost i gcuideachta Mhuire; Rúndiamhra Chríost – Rúndiamhra a Mháthar; agus ‘Is é Críost is beatha domsa.’

Aithne a chur ar Chríost

Is dócha gurb é an rud is mó a tharraing aird an phobail Chaitlicigh ar anImlitir seo ná an scéal go raibh cúig rúndiamhra breise a gcur ag an Phápa leis an chúigear déag atá ann faoi láthair. “Na Rúdiamhra Soilseacha” atá tugtha aige orthu seo, agus, mar adeir sé, is foilsiú gach ceann díobh ar Ríocht Dé agus í i láthair cheana i bpearsa Íosa. Seo leanas na hainmneacha atá orthu: l)Baisteadh Íosa san Iordáin; 2) Bainis Chána; 3) Fógairt Ríocht Dé; 4) Claochlú an Tiarna; S) Ordú na hEocairiste. Moltar iad a rá ar an Déardaoin.

Tar éis machnamh a dhéanamh sa triú caibidil sin ar na cúig rúndiamhra déag, leanann an Pápa ar aghaidh sa cheathrú caibidil le moltaí chun breis tairbhe a bhaint as aithris an Phaidrín mar aon le míniú ar cén chaoi a ‘oibríonn’ sé mar umaí. Sa chlabhsúr gairid a chuireann an Pápa leis an Imlitir , molann sé an Paidrín a rá ar son na síochána sa domhan, agus impíonn sé ar theaghlaigh Chaitliceacha paidir de chuid an teaghlaigh a dhéanamh as agus gra dó a spreagadh i measc an aosa óig.

Taisce urnaí

Is é freagra a mbeadh an Pápa ag súil leis uainne ná go gcuirfimis práinn agus beocht úrnua i seantraidisiún na hÉireann arbh é aithris laethúil an Phaidrín é. Agus na beannachtaí a tharraingíonn an urnaí seo, cé adéarfadh nach bhfuil siad de dhíth, agus go práinneach, ar mhuintir na tíre seo faoi láthair.

Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Fómhar, 2003

Mar shuimiú ar an Imlitir ar fad, d’fheadfaí a rá go spreagann an Pápa Eoin Pól II an coiteann Criostaí chun eolas a chur arís ar an taisce urnaí atá le fail sa Phaidrín. Déantar tuairisc air mar phaidir mhórthábhachta ‘ar dual dó fómhar naofachta a chur ar fáil’. Fagann an Pápa béim ar an Phaidrín mar phaidir Chriostlárnach, achoimre den soiscéal mar ar féidir rinnfheitheamh ar Chríost a fhoghlaim in éineacht le Muire. Tugtar faoi deara a luachmhaire agus atá an Paidrín mar phaidir don teaghlach, agus déantar éileamh ar leith ar dhaoine óga chun an phaidir seo a ghabháil chucu leis an díograis is dual dá n-aois. Déantar míniú agus forbairt fiú ar dhiagacht na paidre seo. Cuirtear lena saibhreas trí na cúig rúndiamhra nua a chur léi – na Rúndiamhra Soilseacha – mar a ndéantar machnamh ar Chríost, solas an domhain’, ina shaol poiblí agus é ag fógairt Ríocht Dé.Míníonn an chéad chaibidil chomh héifeachtach agus atá deabhóid an Phaidrín chun aithne a chur ar Chríost agus chun dul ina chosúlacht, de réir eiseamláir a Mhathar Muire. Meabhraíonn sé dúinn gurb í an Mhaighdin Bheannaithe an treoraí is fearr atá againn chun impí a dhéanamh ar a Mac, chun é a fhógairt don saol mór, mar is dual dúinn a dhéanamh.Is léir ón lorg pearsanta atá ar an Imlitir seo gur mór go deo leis an Phápa Eoin Pól deabhóid an Phaidrín ina shaol féin, adeir sé a bhí ina chompánach aige in aimsir na lúchcáire agus in aimsir na trioblóide araon. Is leis an Phaidrín is gnách an iliomad ábhair chúraim atá air a thaobhú agus is ann a bhíonn solas le fáil aige i gcónaí. Go deimhin, d’fhéadfá a rá gur chuir sé a Phointifeacht ar fad faoi bhrí an Phaidrín Bheannaithe, nuair a chuimhníonn tú ar an méid a bhí le rá aige coicís tár éis dó a bheith tofa go Suí Pheadair: “Is é an Paidrín an phaidir is rogha liom. Paidir iontach is ea é. Iontach ina shimplíocht agus ina dhoimhneas. D’fhéadfaí a rá gurb é atá sa Phaidrín, ar bhealach, tráchtaireacht i bhfoirm paidre ar chaibidil dheiridh Lumen Gentium de chuid Dara Comhairle na Vatacáine, caibidil a thráchtann ar bheartas iontach Mháthair Chríost i rúndiamhair Chríost agus na hEaglaise … Is féidir linn i ndeichniúir an Phaidrín eachtraí uile ár mbeatha féin a bhai1iú, chomh maith le beatha an teaghlaigh, na tíre, na hEaglaise, an chine dhaonna – is é sin, gach a dtarlaíonn dúinn féin agus dár gcomharsain, agus go háirithe dóibh siúd is comhgaraí dúinn agus is ansa linn.”

Tags: