About
Shop
Contact Us

Aenghus Chluain Eidhneach agus Céilí Dé

30 November, 1999

Seo cúntas faoi Aenghus Chluain Eidhneach, díthreabhach agus scoláire léannta a chuir le chéile ‘Féilire na Naomh’thart faoin bhliain 800. I gcomhoibriú le Naomh Mael Ruain chuir sé an díolaim chlúiteach ‘Martarlaig Tamhlachta’ le chéile sa bhliain 792. Seán Ua Cearnaigh a scríobh.

Mael Ruain agus Céilí Dé
Is iomaí Gael cóir cráifeach a thaistil thar sáile chun soiscéal Dé a chraobhscaoileadh fadó. Ach d’fhan an-chuid daoine naofa sa bhaile fosta, áit a ndearnadar obair Dé mar mhisinéirí, mar riarthóirí eaglasta agus, go minic, mar dhíthreabhaigh. Ar na díthreabhaigh naofa a sheas ar son an chreidimh san ochtú agus sa naoú haois bhí iomrá faoi leith ar na Céilí Dé.

Cérbh iad féin mar Chéilí Dé?  Ba dhaoine daingne díograiseacha iad a raibh clú na naofachta agus na scoláireachta orthu. An té a chuir tús leo ná Naomh Mael Ruain. a rugadh láimh le Lothrach, Tiobraid Arann, thart faoin mbliain 720 A.D. Bhunaigh sé mainistir iomráiteach i dTamhlacht, Baile Atha Cliath sa bhliain 755. D’éag sé i 792.

Chaith Céilí Dé mórchuid dá gcuid ama ag guí agus ag déanamh machnaimh spioradálta. Ach rinneadar go leor fosta chun an léann eaglasta a chur chun cinn. Ardscoláire ba ea Naomh Mael Ruain agus chuir sé féin agus Aonghus Uile Dé an díolaim chlúiteach ‘Martarlaig Tamhlachta’ le chéile sa bhliain 792. Fuair Mael Ruain bas sa bhliain chéanna. Is é 7 Iúil a Id fhéile.

Aenghus Chluain Eidhneach
Maidir le hAenghus Céile Dé, tá cáil mhór air cionn is gur dhuine é a raibh ainm na naofachta agus an mhisteachais air i rith a shaoil fhada uile. An Céile Dé par excellence! Rugadh é i gCluain Eidhneach, Laois, thart faoin mbliain 750 A.D. I gCluain Eidhneach a fuair sé a chuid oideachais ó Naomh Fiontán, é siúd a bhunaigh mainistir cháiliúil na háite. Oirníodh mar shagart é agus chuir sé faoi in áit iargúlta ina cheantar dúchais. Díseart Aonghusa a tugadh ar an áit seo. Chaith sé a chuid laethanta ag paidreoireacht agus ag déanamh aithrí ar son peacaí an chine dhaonna. Thug pobal an cheantair Aenghus Céile Dé air agus bhídís ag teacht chuige agus á mholadh agus á mhóradh. Shíl Aenghus, ar dhuine fíor umhal é, nach raibh sin ag teacht le réir Dé. Mar sin d’imigh sé leis go Tamhlacht agus chuaigh sé isteach i Mainistir Mhael Ruain mar mhanach tuata, áit a ndearna sé an obair ba uirísle ar fad. Ach fuarthas amach gur scoláire léannta a bhí ann. Thug sé cúnamh do mhac léinn bocht a raibh ag cliseadh air a chuid ceachtanna a thuiscint. Thug sé an oiread sin cúnaimh do go bhfuair an mac léinn an chéad ádit sa scoil. Nuair a rinne Mael Ruain fiosrú níorbh fhada go bhfuair sé amach faoi chumas Aenghusa mar scoláire.

Comhoibriú
Chuaigh Aenghus agus Mael Ruain i gcomhar le chéile gur chuireadar an díolaim ‘Martarlaig Tamhlachta’ i dtoll a chéile. Díolaim fhíor thdbhachtach a bhfuil an-chuid eolais inti faoi naoimh na hÉireann. An chéad leabhar dá shórt a scríobhadh riamh sa tír seo!

I ndiaidh bhás Mhael Ruain, d’fhill Aenghus ar Chluain Eidhneach agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol. Scríobh se ‘Féilire na Naomh’ thart faoin mbliain 800 agus ‘Ginealaigh na Naomh’ tamall beag de bhlianta ina dhiaidh sin.

Dán faoi Aenghus
Dar leis an scoláire clúiteach Ceilteach, Kuno Meyer as Hamburg, d’éag Aenghus sa bhliain 830 ach síleann scoláirí eile gur mhair sé go dtí 842. Is é 11 Márta a lá fhéile. Scríobh file anaithnid éigin dán álainn faoi cúpla céad bliain i ndiaidh a bháis agus d’aistrigh Kuno Meyer go Béarla é i dtús an chéid seo caite. Seo anois leagan nua Ghaeilge den dán:

Aoibhinn dom suí mar seo
Cois na Feorach fuaire gléghinne
Áit cuairte nár chosair creiche í riamh
I nDíseart glórmhar Beitheach.

Díseart Beitheach, áit ar chónaigh an fear
A thagadh sluaite na n-Aingeal chuige,
Clabhstra a dtaithíodh Aenghus Mac Uibhlinne.

Aenghus ó chomhthionól Neimhe,
Anseo tá a thuama a’s a fheart
Anseo a ndeachaigh sé iar n-éag
Ar an Aoine suas ar Neamh.

I gCluain Eidhneach a tógadh é;
I gCluain Eidhneach atá sé i dtalamh;
I gCluain Eidhneach na n-ollchrosa
Do léigh sé den chéad uair a shailm.

Mar seo a d’aistrigh Kuno Meyer véarsa deireanach an dáin:

‘Tis in Cloneenagh he was reared,
In Cloneenagh he was buried:
In Cloneenagh of many crosses
He first read his psalms.


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Fómhar 2004

Tags: