Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Tuesday, 9th June, 2026Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad Leabhar Ríthe 17:7-16
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:
“Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”
D’éirigh sé agus d’imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt:
“Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.”
Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi:
“Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”
“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d’fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”
Ach dúirt Éilias léi:
“Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac. Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael:
‘ Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh,
nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’”
D’imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d’ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta. Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 4; 4; 4:2-5. 7-8 R/v 7
Freagra Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna
1. Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.
D’fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,
agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach? Freagra
2. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:
éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.
Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh. Freagra
3. Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”
Is mó a chuir tusa d’aoibhneas i mo chroí
ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 5:13-16 Glóir duit, a Thiarna
Is sibhse solas an domhain.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é?
Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.
Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.
Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart









