| Cearta agus cabhair |
|
Is Uachtarán é Maurice Manning ar Choimisiún (na hÉireann) um Chearta an Duine. Tugann sé cuir síos dúinn ar thionscnamh úr idirnáisiúnta atá idir lámha ag an Choimisiún.
Is é ceann de na rudaí is suntasaí i gcúrsaí polaitíochta Éireann ár linne ná go bhfuil na páirtithe uile ar aon intinn faoi cheisteanna áirithe. Ina measc siúd tá ceist an chiníochais. Tá na páirtithe go léir tiomnaithe chun obair ina choinne sin, agus chonaiceamar ag an toghchán deireanach go bhfuil siad i ndáiríre faoi seo. Tús maith ar ndóigh, ach ní leor é. Ba chéim mhór í dá mbeadh gach páirtí sásta cuóta iarrthóirí de ‘Éireannacha Úra’ a roghnú sna toghcháin áitiúla an chéad uair eile. Ba dhóigh iontach praiticiúil é sin leis na hinimircigh a thabhairt isteach sa phróiseas polaitiúil; thabharfadh sé oiliúint dóibh agus chuirfeadh sé i mbéal an phobail agus os comhair na meán iad. Is mar chomhairleoirí áitiúla a thosaíonn formhór na dTeachtaí Dála. Cabhair i leith forbartha Cuireann Cúnamh Éireann an-bhéim ar ardchaighdeán rialachais. Tuigtear nach mbeidh fíorfhorbairt ann mura mbíonn struchtúir mhaithe agus cur chuige éifeachtach i bhfeidhm. Is cuid lárnach den fhíorfhorbairt sna tíortha a fhaigheann cabhair ó Éirinn cearta an duine. Is ionann cearta an duine agus an stroighin a choimeádann gach sochaí le chéile. Dá bhrí sin tá an Coimisiún um Chearta an Duine (IHRC) ag chomhoibriú le Cúnamh Éireann ar thionscnamh trialach le fáil amach an féidir leis cuidiú a thabhairt sa phróiseas seo. Tús úr in Leosóta Rinneadh cúpla iarracht cheana chun coimisiún um chearta an duine a bhunú in Leosóta ach theip orthu uile go dtí seo. Tharla sé seo ar a lán cúiseanna: bhí easpa tola ann i measc na bpolaiteoirí; ní raibh daoine le fáil a raibh na cáilíochtaí acu; bhí daoine cumhachtacha ann ar bhagairt leo a leithéid de rud. Tá mé i bhfad níos dóchasaí tar éis cuairt a thabhairt ar Leosóta le déanaí. Is cosúil gur chuireamar ina luí ar rialtas Leosóta, le cabhair ó Ambasadóir na hÉireann, go bhfuil géarghá le coimisiún náisiúnta um chearta an duine a bhunú. Ghlac siad go réidh le tairiscint ón Choimisiún Éireannach cabhrú leo. Tá súil againn go dtiocfaidh daoine ó Leosóta chun na tíre seo le hoiliúint a fháil agus go mbeidh Éireannaigh ag dul amach ansin le saineolas a roinnt leo. Níl ach líon beag coimisiúin um chearta duine san Afraic ar fad, agus ba mhór an chéim chun tosaigh í, agus sampla den scoth más féidir, Leosóta a chur leis an líon sin. |







