| Coláiste na nGael i Salamanca |
|
Ceann d’ócáidí móra na bliana 1592 ar Mhór-Roinn na hEorpa ab ea bunú Choláiste na nGael i Salamanca na Spáinne. Ag cur san áireamh an caidreamh a bhí idir an tír seo agus an Spáinn san am sin, ní hiontas é go mbunófaí Coláiste Éireannach i gcathair úd an chultúir, Salamanca. Seán Ua Cearnaigh a scríobh.
Ar aon nós, osclaíodh an Coláiste ar an ochtú lá de mhí Mheán Fómhair 1592, agus ba é Pilib II, Rí na Spáinne, a rinne an beart oifigiúil. Sna blianta agus sna céadta a lean, is iomaí ábhar sagairt as Éirinn a hoileadh sa Choláiste, sagairt a bhí dílis go héag do thír a ndúchais, fir a rinne éachtaí go minic ar mhaithe le creideamh, litríocht, saíocht agus cearta na hÉireann. Chuile sheans gurbh é Seathrún Céitinn an té b’iomráití dóibhsean a chaith seal sa Choláiste i Salamanca. Cé gur i mBordeaux na Fraince a fuair an Céitinneach bunús a léinn diagachta, chaith sé tréimhse freisin i Salamanca agus dealraíonn sé gur ann a scríobh sé an dán álainn úd, Mo Bheannacht leat, a Scríbhinn thart faoin mbliain 1600. File eile a chaith tréimhse ghairid, an-ghairid is cosúil, sa Choláiste ná an tUltach, Aodh Mac Aingil. Seans gurbh ann a scríobh sé an carúil Nollag álainn úd:
Mar is eol dúinn, ceapadh Aodh Mac Aingil mar Ardeaspag ar Ard Mhacha in 1626 ach fuair sé bás an bhliain chéanna agus é ar tí filleadh ar Éirinn. Duine de na hÉireannaigh ba thúisce a chuaigh isteach i gColáiste na nGael i Salamanca ba ea Roibeard Mac Artúir. I gContae an Dúin a rugadh Mac Artúir sa bhliain 1571. Ó 1593 go 1599 bhí sé mar dhalta i gColáiste na nGael, agus is ann a oirníodh ina shagart é. Bhí sé mar chomhairleoir ag Aodh Ó Néill agus chaith sé tamall sa Róimh leis an taoiseach céanna i ndiaidh teitheadh na hIarlaí. I Lováin na Beilge a mhair sé ó 1611 ar aghaidh. Bhunaigh sé clólann Gaeilge sa chathair sin, agus is ann a d’éag sé sa bhliain 1626. An Proinsiasach iomráiteach Déiseach, Lúcás Wadding (1588-1657), chaith sé seal mar oide i gColáiste na nGael, Salamanca, agus bhí sé mar uachtarán ar an gColáiste ó 1617 go1618. Bhí sé ar scoláirí móra na haoise. I Laidin a scríobh sé. Thuill a chuid saothair, go háirithe a opus mór, Annales Ordinis Minorum, ardmholadh ó scoláirí na hEorpa. Ba Ghael dílis é Wadding a sheas go láidir le Feidhlim Ó Néill agus le hEoghan Rua. Is de bharr a thionchair siúd ar chúrsaí na Vatacáine a seoladh Rinucinni go hÉirinn. B’eisean freisin a d’áitigh ar an bPápa lá saoire eaglasta a ghairm ar Lá ‘le Pádraig. Is iomaí ábhar sagairt as Éirinn a hoileadh i Salamanca aimsir na bPéindlíthe, ina measc an duine calma úd Nioclás Mac Síthigh a cuireadh chun báis ar an gcroich i gCluain Meala ar an gcúigiú lá déag de Mhárta, 1766. Ar nós Sheathrúin Céitinn bhain an sárfhear seo le Tiobraid Árann agus luaitear a ainm i gcónaí i measc laochra móra na tíre. Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2007.
|







